Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
86
An Craos-Deaṁan.

leaṁnaċt, sa treó ’na ndúḃraḋ liom Dísert an Ḟáṫléaġa do ḃeiṫ. Ag gluaiseaċt dom ḃí an talaṁ tirim ar ṫaoḃ díom agus an ḟaraige osgailte ar an dtaoḃ eile ḋíom. Conac, agus mé ag cur na slíġe díom, na h-aiḃnní ag teaċt isteaċ sa ḃfaraige, ó’n dtalaṁ tirim. Aiḃnní beóraċ, aiḃnní fíona, aiḃnní leanna, aiḃnní méada, aiḃnní anaiṫre, aiḃnní leaṁ- naċta, agus an caise a ḃíoḋ ó gaċ aḃainn díoḃ do ḃeireaḋ sé mo ḃáidín tamall maiṫ amaċ sa ḃfaraige an ḟaid a ḃínn ag gaḃáil ṫairis. Aċ d’ḟillinn isteaċ airís nuair a ḃíoḋ an caise curṫa ḋíom agam.

"Ċomáineas liom ar an gcuma san go dtánag i raḋarc an Díserta. D’aiṫniġeas an dún mar do tugaḋ a ċóṁarṫaí ḋom.

"Do ṫuig an Fáṫliaiġ féin go raḃas ag teaċt. Ġlaoiḋ sé ċuige ar a ṁuintir.

""Caiṫfiḋ siḃ feuċaint ċugaiḃ féin go cruinn agus go h-aireaċ anoċt, a ṁuintir,” ar seisean. Tá duine ag teaċt anso anoċt agus ní foláir daoiḃ siḃ féin a ṡeaċaint air. Duine iseaḋ é go ḃfuil eólus uaṫḃásaċ aige, agus éirim aigne, agus neart filiḋ- eaċta, agus ruiṫ cainte, agus coṫrom focal. Tá sé oilte ar gaċ sórd ealaḋan, agus go mór mór ar gaċ níḋ a ḃainean le ceól agus le guṫuiġeaċt agus le h-áineas cliaraiḋeaċta. D’á éaġmais sin tá sé níṁ- neaċ, teasaiḋe, droċ ṁiotalaċ, tartṁar, ocraċ, neaṁ- ḟoiḋneaċ, agus mura ḃfrioṫáltar ċun a ṫoile é, agus i n-am, sa teaġlaċ ’na dtéiḋean sé, tugan sé aġaiḋ ḃéil ar ṁuintir an teaġlaiġ sin agus ní fearrde iad é an ċuid eile d’á saoġal. Aċ má frioṫáltar ċun a ṫoile é tugan sé molaḋ ḋóiḃ a ṁairean i mbéalaiḃ daoine an ḟaid a ṁairid na daoine. Má’s maiṫ liḃ a ṁolaḋ do ṫuilleaṁ déiniḋ é ḟrioṫálaṁ go maiṫ."