Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN CRAOS-DEAṀAN.


CAIBIDIOL A h-AON.

Tamall mór ó ṡin, tamall ana ṁór ó ṡin, na céadta bliaġan sar ar ċuir aon tSasanaċ cos ar ṫalaṁ na h-Éirean aċ cos go raiḃ laincis iarainn uirṫi, ḃí ríġ áluinn, óg, uasal ar an Muṁain, agus Caṫal ab ainim dó, Caṫal mac Finguine. Ní raiḃ fear i n-Éirinn ba ḃreaġṫa ’ná é. Ḃí sé coraiḋeaċt agus sé troiġṫe ar aoirde, agus ḃí sé ċóṁ cúmṫa ċóṁ córaċ san gur ḋóiċ leat, dá ḃfeicfeá i n’aonar é, ná raiḃ sé na sé troiġṫe ar fad. Ḃí sé cóṁ láidir sin ní raiḃ aon ḟear ar uaisliḃ Muṁan d’ḟéadfaḋ a ċlaiḋeaṁ do ċasaḋ, ná a ṡleaġ do ḃeartuġaḋ ċun gníṁ, ná a ṫuaġ do láiṁseáil. I gcor iomrasgála ní raiḃ fear d’ḟéadfaḋ a ċosa do ḃogaḋ ó’n dtalaṁ, agus fós, ag ruiṫ, nó ag léimt, nó ag rinnce, ḃí sé ċóṁ h-éadtrom ar a ċosaiḃ le cú nó le fiaḋ. Ḃí sé tréan i gcaṫ, ciallṁar i gcóṁairle, sultṁar i gcuideaċtain. I gCaiseal Muṁan a ḃí a ríġ-ṫeaġlaċ. Ḃí raṫ agus séan ar an Muṁain agus ar Ṁuiṁneaċaiḃ le n-a linn go dtí gur ṫárla mí-áḋ millteaċ dó.

Le linn Ċaṫail a ḃeiṫ ’na ríġ ar an Muṁain ḃí ríġ ar Ultaiḃ, ’na ċóṁnuiġe i n-Aileaċ ṫuaiḋ, agus Feargal mac Maoile Dúin ab ainim dó.

Ḃí mioscais agus formad idir an dá ċúige agus idir an dá ríġ, feuċaint ciacu Caṫal nó Feargal a ḃéaḋ i n’ árdríġ ar Éirinn, agus ḃí beirt ċailleaċ,

B