Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
2
An Craos-Deaṁan.

cailleaċ Ultaċ agus cailleaċ Muiṁneaċ, a bíoḋ coitċianta ag séideaḋ fúṫa.

Deireaḋ an ċailleaċ ṫuaiḋ:—

“Fear sgriosta Muṁan,
Fear sgriosta Muṁan,
Mac Maoile Dúin,
An t-Árdríġ,
Ó Sgeilig na sgeól
Go Caiseal na slóg.
Gaṁain ná bó
Ní ḟágfaiḋ.”

Deireaḋ an ċailleaċ ṫeas, ag freagraḋ na cailliġe ṫuaiḋ:—

“Fanaḋ sé ṫuaiḋ,
Fanaḋ sé ṫuaiḋ.
Tá Caṫal ar ċuaird
A’s mílte aige.
Má castar ’na ṫreó
An Feargal, i ngleó,
Go h-Aileaċ go deó
Ní ḟillfiḋ sé.”

Ḃí deirḃṡiúr ag Feargal, Lígaċ inġean Maoile Dúin ab ainim di, agus ní raiḃ i n-Éirinn óig-ḃean eile ċóṁ breaġ léi. D’airiġ Caṫal tuairisg ar a breaġṫaċt, agus ṫuit sé i ngráḋ léi, bíoḋ ná feacaiḋ sé riaṁ í. D’airiġ sise tuairisg ar áilneaċt agus ar uaisleaċt agus ar ṫréine Ċaṫail, agus ṫug sí gráḋ ḋó, bíoḋ a’s ná feacaiḋ sí riaṁ é. Ḃí an sgéal mar sin eatarṫa, agus gaċ duine a ṫéiḋeaḋ ó’n Muṁain ó-ṫuaiḋ go h-Aileaċ ḃíoḋ an óig-ḃean ag baint cainte