Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
71
An Craos-Deaṁan.

go dtáinig am eiriġṫe. D’eiriġ Mac Conglinne ansan agus d’osgail sé an dorus. Do niġ sé a láṁa agus a aġaiḋ, agus ṫug sé a ṡaltair leis as a ṁála leaḃar, agus do ċruinniġ sé a raiḃ de ḋaoine sa tiġ agus ċrom sé ar ṡeanamóin a ṫaḃairt dóiḃ. Ḃí sé ċóṁ ṁaiṫ ċun na seanamóna agus ḃí sé ċun na gcleas. Seo mar adeir an seana leaḃar:-

"Iseaḋ adṁuiġid luċt seanaċuis agus seanóirí agus leaḃair Ċorcaiġe ná raiḃ aoinne láiṫreaċ, d’uasal ná d’íseal, ag éisteaċt leis an seanamóin a ṫug an mac léiġinn uaiḋ, nár ṡil trí freasa deór an ḟaid a ḃí an tseanamóin ar siúḃal."

Nuair a ḃí an tseanamóin críoċnuiġṫe do déineaḋ úrnuiġṫe breaġṫa, fada; úrnuiġṫe do’n ríġ, ’ġá iaraiḋ ar Ḋia saoġal fada ṫaḃairt dó agus an raṫ do ċur ar an Muṁain ar feaḋ a réime; úrnuiġṫe ar son na gcríoċ, ’ġá iaraiḋ ar Ḋia an talaṁ a ḋéanaṁ torṫa- ṁail; úrnuiġṫe ar son na ndaoine, ’ġá iaraiḋ ar Ḋia iad do ċur ar a leas i dtaoḃ anama agus ċuirp; úrnuiġṫe ar son na cúige go léir, ’ġá iaraiḋ ar Ḋia síṫ agus caradas do ċur ameasg na ndaoine sa ḃaile, agus cosg do ċur le gaċ naṁaid iasaċta a ḃéaḋ ar tí aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ orṫa. Do déineaḋ gaċ aon tsaġas úrnuiġṫe, mar sin, mar ba ġnáṫ a ḋéanaṁ i ndiaiġ gaċ seanamóna.

Nuair a ḃí an tseanamóin agus na h-úrnuiġṫe críoċnuiġṫe ċuaiḋ Mac Conglinne ċun cainte leis an ríġ. D’úṁluiġ sé do’n ríġ, agus ansan do laḃair sé:-

"Ṫánag, a ríġ,” ar seisean, “ċun ḃuiḋeaċais a ġaḃáil leat mar ġeall ar an ngníoṁ mór a ḋéinis dom aréir agus ċun a ḟiafraiġe conus atáṫar ansan indiu."