Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
70
An Craos-Deaṁan.

ḋuine a ḃí i dtiġ Ṗiċáin an oíḋċe sin an trosgaḋ céadna ḋéanaṁ. Níor laṁálaḋ aon ḃlúire bíḋ i n-aon ċor isteaċ sa tiġ. Níor leig Mac Conglinne aon ḃlúire bíḋ isteaċ ann. Níor ġáḋ ḋó puinn trioblóide ċur air féin ċun an ḃíḋ a ċoimeád amaċ. Do leaṫ an sgéal ar fuid na cuideaċtan go léir go raiḃ an ríġ ag déanaṁ trosgaiḋ an oíḋċe sin. Ḃí a leiṫéid sin d’iongnaḋ orṫa go léir, agus a leiṫéid sin d’áṫas orṫa, níor ḟan aon dúil i mbiaḋ ag aoinne acu. Níor ṁeasadar go raiḃ an duine sin beó d’ḟéadfaḋ a ċur ḟeuċaint ar Caṫal fanṁaint oíḋċe gan biaḋ. Nuair a fuaradar go raiḃ an cleasaiḋe iasaċta so tar éis a ċur ḟeuċaint air é ḋéanaṁ, ṫáinig a leiṫéid sin d’uraim acu do’n ċleasaiḋe go raḃadar go léir ollaṁ ar pé rud a déarfaḋ sé leó a ḋéanaṁ. Dá n-abraḋ sé leó trosgaḋ ḋéánaṁ go ceann seaċtṁaine ḋéanfaidís é. Aċ, i dtreó ná béaḋ aon ḃaoġal go dtiocfaḋ aon ḃiaḋ isteaċ, do ḋún Mac Conglinne féin an tiġ, agus ṡín sé i dtulg a ḃí i leaṫ taoiḃ an doruis, i dtreó nár ḃ’ḟéidir d’aoinne an dorus d’osgailt a gan ḟios dó.

Amaċ i ndeire na h-oíḋċe d’éiriġ fear an tiġe, Piċán mac Maoile Finne.

"Cad ċuige ḋuit eiriġe ċóṁ moċ, a ríġ?” arsa Mac Conglinne.

"Ċun bíḋ a ċur i dtreó dos na slógaiḃ seo,” arsa Piċán, “agus go deiṁin ní h-anois is ceart a ḃeiṫ ’ġá ḋéanaṁ san. Ba ċirte an biaḋ ḃeiṫ ollaṁ ó indé."

"Bíoḋ foiḋne agat, a ríġ,” arsa Mac Conglinne. "Tá an oíḋċe caiṫte againn go léir ag déanaṁ tros- gaiḋ. Nuair a caiṫtear oíḋċe ag déanaṁ trosgaiḋ, seanamóin an ċéad rud is ceart a ḋéanaṁ ar maidin."

D’imṫiġ Piċán a ċodlaḋ airís, agus do ṡín Mac Conglinne sa tulg airís agus níor ċoruiġ aoinne eile