Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
48
An Craos-Deaṁan.

“"Má ḃíon tú ad’ aonar ag gaḃáil an treó so,” ar seisean, “fan amaċ ó’n gcaraig sin. Tá caraigreaċa báiḋte ’na h-aice agus dá dtéiḋṫeá ’na measg do brisfí an bád agus do báṫfaí sa leaṁnaċt ṫú."

""Tá go maiṫ,” arsa mise, “aċ an gruṫ iad go léir, le d’ṫoil?"

""Tá foṫ ċaraig cáise ar a measg,” ar seisean, "agus slisneaċa geire, agus asnaiḋeaċa mart, slis- neaċa agus bataí ráṁa na mbád a briseaḋ ann ó am go h-am. Fan amaċ ó’n áit."

""Fanfad,” arsa mise, “gura’ maiṫ agat."

"Ċomáineamair linn. Ag feuċaint uaim ar ḃarra an leaṁnaċta ṫugas fé ndeara cnapóga ime agus cnapóga uaċtair, agus fé mar a ṡuaṫaimís an leaṁ- naċt leis na bataí ráṁa d’eiriġeaḋ ċugainn aníos, i ḃfuirm triosgair, criaṫra meala agus mion-ċnapóga cáise agus gruṫa, agus anois a’s airís, aníos a’ tón- poill, téadraċa breaġṫa fada de ḃainne-reaṁar ríġin, gur ḃreaġ le duine ḃeiṫ ’ġá ġearraḋ le n’ḟia- calaiḃ agus ’á ṡlogaḋ.

"Ċomáineamair linn. Feuċaint d’á dtugas uaim de ḋruim mo ġualan do ċonac rud. Ċonac oileán áluinn agus caisleán istiġ ann.

""Cad é an t-oileán é sin, le d’ṫoil?” arsa mise leis an ḃfear.

""Fan leat go fóil,” ar seisean, “agus ċíḋfir le d’ṡúiliḃ féin an t-oileán agus an caisleán agus a ḃfuil istiġ sa ċaisleán."

"Ṡroiseamar an t-oileán. Ṫánamar i dtír. Geir ċruaiḋ ab eaḋ an talaṁ fé n-ár gcosaiḃ. B’é b’ḟada liom-sa go ḃfeicfinn an caisleán. Ċuaḋmar suas ċuige. Ḃí falla mór cosanta ’na ṫímpal. De ḃrícean- aiḃ aráin cruiṫneaċtan a ḃí an falla déanta, agus