Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
47
An Craos-Deaṁan.

Mic Eiṫne cnó coille. Mic Spiúnáin, mic Súḃa craoḃ, Mic Súḃa talṁan aibiġ, Mic Soċair gaċ méiṫris, Mic Abéil, mic Adaim."

"Nuair a ḃí an méid sin cainte ráiḋte aige, a Ṁainċín agus a ṁuintir Ċorcaiġe, b’éigean dóṁ-sa an ċaint do ráḋ ’na ḋiaiġ agus ḃeiṫ ’ġá ráḋ go dtí go raiḃ sí do ġlan ṁeaḃair agam. Ansan do laḃras féin.

""A ḋuin’uasail,” arsa mise leis, “ní maiṫ an rud an ċaint sin a ṁúineaḋ do ḋuine go mbéaḋ ocras agus tart air. Níor beag dó an t-ocras agus an tart gan é ḃeiṫ coitċianta ag áireaṁ na sóġluistí breaġṫa san agus gan fáġail aige ar ṫeaċt suas leó."

""Ní’l tart na ocras ort-sa anoċt,” ar seisean.

""Ní’l,” arsa mise, “aċ béiḋ amáireaċ."

""Téanam,” ar seisean, “agus taisbeánfad-sa dúṫaiġ duit ná bíon tart ná ocras ar aoinne ċoíḋċe ann."

""Ġluais sé amaċ. Ġluaiseas féin amaċ ’na ḋiaiġ. Ṫánamar go bruaċ na faraige. D’ḟeuċas amaċ ar an ḃfaraige. Leaṁnaċt ab eaḋ an ḟaraige. Ḃí bád i n-imeal na faraige. Ċuaiḋ sé isteaċ sa ḃád. Ċuaḋas féin isteaċ ’na ḋiaiġ. De ġeir ċruaiḋ a ḃí an bád déanta. Do rug seisean ar ċeann des na bataíḃ ráṁa. Do rugas féin ar an gceann eile. Asna mairt ab eaḋ gaċ bata ráṁa acu. D’oibriġeamar na bataí ráṁa. Do ġluais an bád tríd an leaṁnaċt. Ċonac féin caraig sa ḃfaraige. Ṫánamar i ngoireaċt dí. D’ḟeuċas uirṫi go cruinn. Gruṫ ab eaḋ an ċaraig. Do laḃair an fear.