Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
34
An Craos-Deaṁan.

gcuiread raint ceisteana ċuca. D’iaras aisge. Ċuaiḋ maiṫe Ċorcaiġe i n-uruḋas air go raiḃ an aisge le fáġail agam. Ní mór dom a ḟios a ḃeiṫ agam uaṫa féin an mór is fiú an t-uruḋas. Beirtear ṫar n-ais mé."

Ċuir an luċt coimeádta na ceangail ar a laṁaiḃ airís, agus ṫógadar eatarṫa é ċun é ṫaḃairt tar n-ais. Tógadar go réiḋ é, mar ḃí áṫas mór orṫa gan a ḃeiṫ orṫa fanaṁaint a ṫuille ar bruaċ na h-aḃan ag faire air, agus é ag ól an uisge de ḃarra an ḃioráin.