Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
33
An Craos-Deaṁan.

ḃarra an ḃioráin agus an luċt coimeádta ag faire air.

Do laḃair an fear tosaiġ airís, aċ is go réiḋ a laḃair sé.

"Cad é an ḟaid is dóiċ leat,” ar seisean, “go mbéiḋ do ḋóiṫin ólta agat?"

"Tá buaiḋte agam oraiḃ, a ṡloigisg!” arsa Mac Conglinne. “Nuair a ḃíos-sa sa ḃaile is aṁlaiḋ a ḋ’iṫinn d’aon ḃéile aṁáin oiread bíḋ agus ḋéanfaḋ mo ġnó ar feaḋ naoi lá agus naoi n-oíḋċe. An méid sin bíḋ a ḋ’iṫeas ó ċianaiḃ déanfaiḋ sé mo ġnó anois go ceann naoi lá agus naoi n-oíḋċe. Fanfad anso go dtí go mbéiḋ an méid sin aimsire caiṫte. Béiḋ siḃ-se corṫa go maiṫ um an dtaca san, a ṡloigisg."

Do ṫuit a lug ar a lag ag an luċt coimeádta nuair airiġeadar an méid sin. Ċuir an fear tosaiġ duine ag triall ar Ṁainċín ag innsint an sgéil sin dó, Nuair airiġ Mainċín an sgéal ċuir sé fógra amaċ ċun maiṫe Ċorcaiġe do ċruinniuġaḋ airís i gcóṁairle. "Luaṫċomarc” a tugtar sa tseana leaḃar ar an gcóṁairle sin. Isé rud a ṫáinig as an gcóṁairle ’ná so. Do cuireaḋ teaċtaire ag triall ar Ṁac Conglinne ’ġá ráḋ leis go raiḃ a roġa le fáġail aige de ḋá níḋ. É féin do ṫeaċt, le n-a ṫoil ṁacánta, agus é féin do ṫaḃairt suas ċun a ċroċta, nó é ḋ’ḟanaṁaint mar a raiḃ aige, agus luċt coimeádta ag déanaṁ uanuiġeaċta ar a ċéile ’ġá ċoimeád, go dtí go ḃfaġaḋ sé bás leis an ocras ar ṗort na h-aḃan.

"Is róġa a’ ḋá ḋíg é!” arsa Mac Conglinne nuair a h-innseaḋ an sgéal dó. “Ní’l aon daoine eile beó i n-Éirinn aċ muintir Ċorcaiġe féin do ċuiṁneóċ’ ar a leiṫéiḋ de roġa ṫaḃairt do ḋuine. Aċ beirtear ṫar n-ais mé go laḃrad le maiṫiḃ Ċorcaiġe, agus go