Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a ceaṫair.

Ḃ fear ’na ċóṁnuiġe an uair sin i Ros Comáin. Fear óg ab eaḋ é. Sgoláire b’ eaḋ é. Ḃí éirim aigne aige agus léiġean agus eólus, aḃfad ṫar aon duine a ḃí i n-Éirinn le n-a linn. Mac Conglinne b’ainim dó. Do tugtí Aniér mac Conglinne air, nó An-éra mac Conglinne. Deir an seana leaḃar gur b’é cúis An-éra a ṫaḃairt air mar go mbíoḋ a leiṫéid sin d’eagla ag daoine roime n-a ṫeangain ná tugaidís éraḋ, ’sé sin eiteaċas, ċoíḋċe air. Dá molaḋ sé duine ní raiḃ aoinne eile beó d’ḟéadfaḋ an molaḋ ḋéanaṁ ċóṁ maiṫ, agus dá ndéineaḋ sé aoir ar ḋuine ní ṫioc- faḋ an duine uaiḋ ċoíḋċe. Do leanfaḋ an aoir sin i mbéalaiḃ daoine go deó. Ḃíoḋ gaċ aoinne ag déanaṁ a ḋíċil ċun an ḟocail ḟóġanta ḃeiṫ aige ó Ṁac Conglinne agus ċun dul ó n-a ḋroċ ḟocal. D’á ḃríġ sin ní ṫugaḋ aoinne an t-eiteaċas dó.

D’airiġ Mac Conglinne na tuairisgí uaṫḃásaċa ó’n Muṁain. Ḃí sé ag maċtnaṁ orṫa ar feaḋ aḃfad, agus ag cur ’s ag cúiteaṁ i n’ aigne féin feuċaint conus a ṫiocfaḋ sé ar Ċaṫal ṁac Finguine do leiġeas. Tar éis a ṁaċtnaiṁ ṡocaruiġ sé a aigne ar cad a ḋéanfaḋ sé, aċ níor ṫug sé aon ḃlúire eóluis d’aoinne ar cad a ḃí ceapaiṫe aige a ḋéanaṁ. Pé rud a ḃí ceap- aiṫe aige a ḋéanaṁ níor ḃ’ḟoláir dó teaċt sa Ṁuṁain, ag triall ar Ċaṫal, ċun a ḋéanta. Is é rud a ḋéin sé ’ná a leigint air go raiḃ sé corṫa de’n ḟoġluim; ná raiḃ aige ar sgáṫ a ċod’ foġluma aċ an dealḃas agus an t-ocras, agus nár ḃ’ḟoláir dó gairm éigin