Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
17
An Craos-Deaṁan.

eile beaṫa do ṫarang ċuige. Ḃí ’ḟios ag gaċ aoinne an ḟiliḋeaċt a ḃeiṫ ṫar barr aige. Ní raiḃ iongnaḋ orṫa d’á ḃríġ sin nuair airiġeadar Aniér mac Conglinne ḃeiṫ ag caiṫeaṁ na sgoluiġeaċta uaiḋ agus é ḃeiṫ ceapaiṫe ar ḋul le filiḋeaċt. Ḃí gaċ aoinne ag cur ’s ag cúiteaṁ feuċaint cá dtaḃarfaḋ sé aġaiḋ ar dtúis, ar a ċéad ċuaird ḟiliḋeaċta. Ḃí daoine ’ġá ráḋ go raġaḋ sé ó-ṫuaiḋ go h-Aileaċ ag triall ar ríġ Ulaḋ. Ḃí ana ḃáiḋ ag Feargal mac Maoile Dúin le filíḃ. Ḃéaḋ cóir ṁaiṫ ar Ṁac Conglinne an ḟaid a ḃéaḋ sé i n-Aileaċ agus ní folaṁ a ḃéaḋ sé ag imṫeaċt dó. Ḃí daoine ’ġá ráḋ gur soir go Cúige Laiġean a ṫaḃarfaḋ sé aġaiḋ. Ḃí duine ’ġá ráḋ so agus duine ’ġá ráḋ súd, aċ ní raiḃ aon pioc d’ḟios aigne Ṁic Conglinne ag aoinne acu. Ḃí iongnaḋ orṫa go léir nuair a leig sé an sgéal amaċ gur ó-ḋeas sa Ṁuṁain a ḃí sé ceapaiṫe ar ḋul, ó-ḋeas go h-Uíḃ Eaċaċ Muṁan, mar a raiḃ Caṫal mac Finguine, ríġ Muṁan, an uair sin, ar a ċuaird ríġ. Cuir san iongnaḋ ar gaċ aoinne, aċ dúḃairt Aniér mac Cong- linne, pé áit ’na mbéaḋ Caṫal mac Finguine go mbéaḋ coṫrom bíḋ agus díġe ann, agus gur ḃ’ṡin a raiḃ uaiḋ féin, a ḋóiṫin ḟáġail le n-iṫe agus le n-ól, “rud ná fuaras riaṁ fós i Ros Comáin,” ar seisean. Níor déineaḋ a ṫuille cur isteaċ air féin ná ar a ġnó.

Ḋíol sé amaċ a raiḃ aige aċ raint leaḃar. Ċean- nuiġ sé cúpla bulóg aráin cruiṫneaċtan agus slisne bagúin. Cuir sé na leabair agus an méid sin lóin ċuige i mála. Ansan, do réir an tseana leaḃair, do ċúm sé ḋó féin ḋá ċuarán, ’sé sin ḋá ḃróig a ḃéaḋ láidir buan agus sa n-am gcéadna, córaċ, éadtrom ċun siúḃlóide. Deir an leaḃar gur ḋéin sé iad de ḋonnleaṫar seaċtḟillte. Ní deintear bróga de’n