Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
8
An Craos-Deaṁan.

an olc uaṫḃásaċ. Ṫánadar as an gcóṁairle ċóṁ dal agus ḃíodar ag dul inte ḋóiḃ. D’imṫiġ gaċ flaiṫ aḃaile ċun a ṫeaġlaiġ féin ċun é féin a ċur i dtreó ċosanta ċóṁ luaṫ agus dob’ ḟéidir é, agus ċóṁ maiṫ agus dob’ ḟéidir é, mar, dar leó go léir, ḃéaḋ Feargal mac Maoile Dúin ċuca a-dtuaiḋ ċóṁ luaṫ agus d’aineóċaḋ sé Caṫal a ḃeiṫ ar mí-ṫreóir.

Ḃí ḋá ḋearṁad sa méid sin orṫa, áṁṫaċ. Ní raiḃ aon aiḋm ag Feargal ar ṫeaċt a-dtuaiḋ, mar ḃí ’ḟios aige cad a ḃí imṫiġṫe ar Ċaṫal, agus dúḃairt sé leis féin d’á ḟaid a sgaoilfí leis féin agus leis na Muiṁ- neaċaiḃ sa ċás ’na raḃadar gur ḃ’eaḋ b’usa an láṁ uaċtair ḟáġail orṫa sa deire. D’á éaġmuis sin, ní raiḃ Caṫal ar mí-ṫreóir i n-aon ċor. Ní raiḃ aon easba sláinte air. Ḃí a ċroíḋe agus a aigne agus a inntinn ċóṁ láidir, ċóṁ h-aibiġ agus ḃíodar riaṁ. Ní raiḃ aon rud air aċ an tart agus an t-ocras, an t-ampla mí-nádúrṫa ċun bíḋ agus ċun díġe. Dá mbéaḋ sé de ḋíṫ céille ar Ḟeargal agus ar na h-Ultaiġ teaċt a-dtuaiḋ is aṁlaiḋ a ṫiocfaidís agus ná h-imṫeóċaidís. Ġeaḃaidís amaċ, nuair a ḃéaḋ sé ró ḋéanaċ acu, go raiḃ Caṫal ċóṁ h-oilte ar ċogaḋ, ċóṁ dian i gcaṫ, ċóṁ contaḃarṫaċ de ṫeangaḃálaiḋe agus ḃí sé riaṁ.

Ba ġearr gur ṫuig maiṫe na Muṁan an sgéal. Níor ḃ’ḟada gur ṫug Caṫal le tuisgint dóiḃ nár ġáḋ ḋóiḃ aon eagla ḃeiṫ orṫa roiṁ aon naṁaid. Ċuir san suaiṁneas aigne orṫa, aċ má ċuir, ḃí rud eile ċun an tsuaiṁnis aigne ḃaint díoḃ. Ḃí an t-am ag teaċt ’nar ġnáṫ le Caṫal dul ar a ċuaird ríġ, mór-ṫímpal na Muṁan. Do stadaḋ sé féin agus a ġnáṫ ṫeaġlaċ seaċtṁain nó coicṫíġeas i dtiġ gaċ flaṫa agus do caiṫtí é féin agus a ċualaċt do ċoṫuġad. Ansan