Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
7
An Craos-Deaṁan.

mar níor leig Caṫal leó aċ fíor ḃeagán de’n ḃiaḋ. Aċ pé ocras a ḃí orṫa, nuair a ḃí an biaḋ go léir iṫte b’éigean dóiḃ stad.

B’é an cleas céadna é i dtaoḃ an ḟíona, agus an leanna, agus i dtaoḃ gaċ aon tsaġas eile díġe d’ár ṫáinig ar an mbórd. Is ar éigin a leig Caṫal diúir i mbéal aoinne. An ḟaid a ḃíoḋ corn aige d’á ḋiúgaḋ a’ láiṁ leis, ḃíoḋ an láṁ eile sínte amaċ aige ag gaḃáil ġreama ar ċorn eile, agus ba ċuma leis cé uaiḋ go mbíoḋ an corn aige d’á ṫógaint. Ceap an ċuideaċta go mbéaḋ sé ar meisge láiṫreaċ, agus ansan go mb’ḟéidir go ḃfaiġidís féin caoi ar ḃraoinín éigin d’ól, aċ ba ṡuaraċ an tairḃe ḋóiḃ ḃeiṫ ag braṫ ar aon níḋ ḋ’á ṡórd. Ḃí Caṫal ag ól agus ag ól agus ní raiḃ aon ḃlúire meisge ag teaċt air aċ ċóṁ beag agus dá mba ag slogaḋ meiḋg a ḃéaḋ sé!

Níor ḃ’ḟada go raiḃ deire leis an ndiġ fé mar a ḃí deire leis an mbiaḋ, agus ní raiḃ an tart bainte de Ċaṫal aċ ċóṁ beag agus ḃí an t-ocras bainte ḋé, agus i dtaoḃ na cuideaċtan, má ḃí ocras tar éis aṫluiġṫe riaṁ ar ḋaoine ḃí sé orṫa.

Ḃí rud ba ṁeasa orṫa ’ná ocras tar éis aṫluiġṫe. Ḃí buairt agus brón a ndóiṫin orṫa. Ḃí droċ níḋ éigin uaṫḃásaċ tagaiṫe ar an ríġ, agus cad a ḋéan- faidís? Cé ḃéaḋ ’na ċeann uraid i gcóṁairle orṫa feasda? Cé ḋéanfaḋ córuġaḋ orṫa ċun caṫa nuair a ṫiocfaḋ an naṁaid? Ní ró ḟada, dar leó, a ḃéaḋ naṁaid gan teaċt nuair a h-aireóċfaí ar fuid na h-Éirean go raiḃ ríġ Caisil sa ċás ’na raiḃ sé. Ċuadar i gcóṁairle feuċaint cad ba ċeart a ḋéanaṁ. B’í sin an ċóṁairle ḃuarṫa. B’í sin an ċóṁairle gan eólus. Ní ḟeidir aoinne cad ba ċeart a ḋéanaṁ, mar ní raiḃ ’ḟios ag aoinne cad ba ḃun leis