Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

66

Ḃí inġean ag Cann-Aman. Ḃí an inġean seo go háluinn. Duḃairt mo ṁac féin liom go raiḃ; duḃairt sé go raiḃ sí ċoṁ gléoite cumṫa leis an eilit, ċoṁ sgiaṁaċ leis an gcrann uḃall ar ṫeaċt an earraiġ, go raiḃ a dá súil ar nós .... file agus leannán a ḃí i mo ṁac le linn a óige, aċt ṫáinic ciall ċuige ó ṡoin. Fear áiriṁ agus réaltóir atá ann anois, agus is gile agus is áilne leis na réaltóga baḋ ṡuaraiġe ná súile ná mná ba ḃreaġṫa da’r ṁair ariaṁ.

Do ḃí filí i dtír an Ṗártiġ, agus do ḃídís ag ceapaḋ dánta agus aṁrán ag molaḋ na hinġine, aċt ar eagla an ríoġ agus a luċt ċoṁairle do leigidís orra féin gur ag molaḋ na mban-ḋéiṫe do ḃídís. Tá roinnt don ḟiliḋeaċt seo agam ’mo leaḃarlainn, agus cuireann sé gráin agus droċ-ṁisneaċ orm nuair a smaoiniġim ar an deaġ-ċainnt, agus ar na foclaiḃ bríoġṁara borba, agus ar na ráiḋte deáġ-ċuṁṫa snasta leigeadar amuḋa ag molaḋ mná! Naċ le déiṫiḃ a ṁolaḋ tugaḋ an ċainnt do ḋaoine i dtosaċ? Muna mbéaḋ faitċios na ndliġte n-uasal Síneaċ do ċaiṫfinn na leaḃair raiméiseaċa seo isteaċ san aḃainn. ...

Ní ḃacfainn le hinnseaċt do mo ċoṁ-Ṡíniġiḃ cé’n lear mór ríġte agus ċlann ríġte a ḃíoḋ ag triall ar árus Cann-Aman ag iarraiḋ na hinġine uaiḋ, aċt aṁáin gur mian liom baois na bPártiġeaċ agus na gcoiṁṫiġeaċ eile noċtaḋ ḋóiḃ. Ḃí bóṫar leaṫan ós coṁair an tiġe amaċ, agus duḃairt mo ṁac liom naċ raiḃ aon lá san mbliaḋain naċ ngaḃfaḋ rí coiṁṫiġeaċ agus a ṡluaġ an bóṫar sin, agus súil ag gaċ rí díoḃ go gcuirfeaḋ Cann-Aman fios air, agus go dtiuḃraḋ sé an inġean ḋó. Aċt ní raiḃ baoġal ar Ċann-Aman a leiṫéid a ḋéanaṁ. Ḃí aiṫne aige ar a lán díoḃ. Ní daoine staidéaraċa ḃí ionnta—muna mbéad go mba ríġte iad ḃéaḋ ar ċuid aca an caipín buiḋe a ċaiṫeaṁ.....