Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Cleaṁnas san Oirṫear.


Is dóċa gur sean-ġnás é an cleaṁnas, ní hé aṁáin i nÉirinn agus i measg na gCeilteaċ, aċt i dtíorṫaiḃ i ḃfad i gcéin. An té atá ar lorg mná, is aḋḃar grinn é i gcoṁnaiḋe—ní mé fán mbiṫ cé’n fáṫ—agus b’éigin dom gáiriḋe a ḋéanaṁ an oiḋċe fá ḋeire nuair a rugas ar an sean-leaḃar Síneaċ a ṫug mo ḋearḃráṫair a ḃíoḋ n-a ṁairnéalaċ tráṫ san doṁan ṫoir a ḃaile leis, agus nuair a léiġeas an sgéal seo atá ’mo ḋiaiḋ. B’éigin dom é Ġaeḋealuġaḋ roinnt ar eagla naċ dtuigfiḋe na sean- nósa coiṁṫiġeaċa, aċt níor ḃacas le cnáṁaiḃ an sgéil, mar ḃí mianaċ an sgéalaiḋe san sean-uġdar Síneaċ.

I.

Ḃí rí cumasaċ ar ṫír an Ṗártiġ uair. Cann-Aman dob’ ainm dó. Agus do ḃronn na déiṫe mórán beannaċt ar Ċann-Aman; ṫugadar ciall ṁór ḋó, staidéar agus géar-ċúis ṫar mar tugaḋ do aon ḟear eile a ṁair le n-a linn. Ḃí sé ċoṁ géar-ċúiseaċ fad-ḃreaṫnuiġṫeaċ sin is naċ ndeárna sé gáiriḋe le cuiṁneaḋ na ndaoine ba ṡine ’na ríoġaċt. Na coṁairleóirí a ċruinniġ sé ’na ṫimċeall, ḃíodar críonna ciallṁar ar a nós féin, agus do ċuireadar dliġṫe géara pianaṁla i ḃfeiḋm le cosg a ċur le haos ceóil, agus le luċt rinnce agus le geógaiġiḃ taisdil. An té a rinne gáiriḋe ar an mbealaċ mór, ḃí air caipín buiḋe a ċaiṫeaṁ go ceann ráiṫe! An té a ċas aṁrán, aċt aṁáin aṁrán ag molaḋ déiṫe na tíre, ḃí air mionn ṗráis a ċaiṫeaṁ go deireaḋ na míosa sin. Aċt an fear rinnce agus an geógaċ taisdil—ní raiḃ an ċroċ sáṫaċ dona ḋóiḃ siúd. Mo léan! gan dliġṫe ciallṁara mar iad i dtír na Síneaċ.....

65