Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

33

“Tá oċtar moġa balḃ agam: tá na hoċt sean-ċéird a ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail aca mar tá draoiḋeaċt, diaḃlaiḋeaċt, filiḋeaċt, talṁaiḋeaċt, fiġdeóireaċt, maraiḋeaċt, paidreóireaċt agus taḃairt na mionn.”

Níor taiṫniġeadar léiṫi.

“Ná healaí draoiḋeaċta atá ar linn an Dá Éisg i gCríoċ Ṁóaḃ.....”

Ba ṡuaraċ léiṫi iad. Ní raiḃ uaiṫi an daṁsa Arabaċ a ḋéanaṁ de réir ċosaṁlaċta agus ní ḟeilfeaḋ aon daṁsa eile don ócáid.

Ḋearc sí san éadan orm agus duḃairt:

“Téiḋmís beirt amaċ go Gáirdín an tSuaiṁnis agus bímís ag siuḃlóid ann faoi na crannaiḃ aoiḃne almoinne atá anois faoi ḃláṫ agus ag pógaḋ na créafóige le méid a n-ualaċ áilneaċta: tá an ġealaċ ’n-a suiḋe, ’n-a bainríoġain ċiúin ṁórḋa ar na réaltógaiḃ, agus néalta driṫleannaċa airgeada mar ḃrat ’n-a timċeall. Tá na héanlaiṫ go ceólṁar sna crannaiḃ pomagranít agus baraṁail aca go ḃfuil sé ’n-a lá leis an solus iongantaċ atá ó réaltóig agus ó rae.....”

“An daṁsa Arabaċ atá uaim,” arsa mise go borb léiṫi. Ba ṁór an caṫuġaḋ é, a Réisín. Moltar mé nár ġéilleas.

“Téiḋmís amaċ, a ṫeatrairc, agus suiḋmís faoi ḃun an ċrainn fíge atá ag ceann Ġáirdín an tSuaiṁnis, agus canfad ceól duit, canfad aṁrán gráḋa ḋuit a múineaḋ ḋom i gCríoċ Iúdéa fad ó; agus an ḟad ’s a ḃéas tú ag éisteaċt leis an aṁrán sin ní ḃeiḋ cuiṁneaṁ agat ar ċeól na n-éan a ḃéas ag cantaireaċt ’do ṫimċeall, ná ar ċuṁraċt na gcrann, ná ar aoiḃneas na hoiḋċe ná ar imniḋe an tsaoġail, ná ar ḋólás ná ar ḋuairceas; ní ḃeiḋ cuiṁneaṁ agat aċt ar an aṁrán agus ar an aṁránaiḋe ... Téanam, a ṫeatrairc na Gaililí, téanam go Gáirdín an tSuaiṁnis liom-sa, téanam! téanam!”