Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

32

“Ní hé atá uaim. An daṁsa Arabaċ sin atá ’gá ċleaċtaḋ agat le mí atá uaim.”

Tá eolas agat ar an dá ḋaṁsa, a Réisín. Ní ḃéaḋ náire ar biṫ ann an ċéad ceann a ḋaṁsaḋ. Ní ḟeilfeaḋ sé ḋom ar an aḋḃar sin.

“An daṁsa Arabaċ atá uaim.”

“An daṁsa sin! Agus é ḋéanaṁ ós coṁair na ḃfear meisge úd ṫall?”

“’Seaḋ.”

“Aċt tá an fíon sa gceann aca agus an ainṁian ’n-a gcroiḋe: ó, b’ḟéarr liom go mór fanaċt leat-sa annseo, a ṫeatrairc, ag cainnt agus ag coṁráḋ leat agus ag cur aoiḃnis ar do ċroiḋe.....”

Ní ḟéadfainn iallaċ a ċur uirri é ḋaṁsad mara ndéan- faḋ sí dá toil féin é. Ċeapas í ḃréagaḋ.

“Rud ar biṫ is mian leat ġeoḃair é, aċt an daṁsa a ḋéanaṁ go maiṫ.”

Leig sí goiṫí uirri féin. ’Sí ḃí go leanbaċ as nós peata ḃeaḋ ag iarraiḋ cuiṁneaḋ goidé an bréagán iarraḋ sí ar a máṫair. Aċt mo ṫruaiġ! Is aici a ḃí a ḟios goidé é an rud a ḃí uaiṫi. Ag baint asam a ḃí sí. Ag cur dallóige ar mo ṡúiliḃ ḃí sí ar feaḋ an aċair. Ná ceap, a Réisín, go ḃfuil buaiḋte agat ar ṁnaoi go deó deó go ḃfeicfiḋ tú san uaiġ í. Ġeallas an iomad seóid agus bréagán ḋi dá ndéanfaḋ sí an daṁsa.

“An dá naṫair niṁe déag a ḃronn bainríoġain na Siria orm, ġeoḃair uaim iad,” arsa mise, “níl aon ċeann aca ar aon daṫ ná ar aon aois ná ar aon toirt ná ar aon ċéill le ceann eile. Táid ċoṁ hoilte sin go dtig leat slaḃra beó ioldaṫaċ a ḋéanaṁ díoḃ uile agus é ċur faoi do ċom mar ċrios.....”

Ċraiṫ sí a ceann.