Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

95

ar an úrlár ċuca; aċt ar a ḃeiṫ críoċnuiġṫe don ṗaidreóireaċt do ṫigidís an aṫ-uair, agus d’ḟanaidís ar fud an tiġe agus an ḃeirt ḟear ’na sáṁ-ċodlaḋ ar an raiṫniġ ṫirm ḋuinn. Ar raiṫniġ agus ar úrluaċra is mó ċodluiġeaḋ siad, agus d’ḟeicfiḋe sgáil ó n-a ṡaoṫar ar aġaiḋ an tsaoṫraiḋe go minic, aċt ní raiḃ baoġal don sgáil sin ḃeiṫ leaṫ ċoṁ soiléar leis an gceapaḋ ḃíoḋ ’na aigne ’na ċodlaḋ féin ḋó.

II.

Ṫug an rí, Alum-ba cumasaċ, cuairt ar an gceárd- aiḋe uair. D’éiriġ le na hAibitíniġ smaċt a ċur ar a sean-náiṁdiḃ na Pártiġ agus do ceapaḋ go mba ḟeileaṁnaċ an tráṫ é le teampall uasal a ṫógḃáil i n-onóir do ḋia an ċogaiḋ i bpríoṁċaṫair na tíre. Aċt cá ḃfuiġfiḋe ceárdaiḋe leis an teampall a ṁaisiuġaḋ le dealḃaiḃ aċt an ceárdaiḋe úd a ṫréig iad? Ċuaiḋ an rí féin agus a luċt leanaṁna ag triall air. Sin a raiḃ de ṁaiṫ ḋóiḃ ann aṁṫaċ. Níor éiriġ leó a ḃréagaḋ.

“Ór ná airgead, tiġṫe áilne agus biaḋṫa milse, cuṁaċt agus cáil imeasg daoine, is beag é mo ṁeas orṫa,” ars’ an ceárdaiḋe; “níl uaim aċt an doire coille seo a ḃeiṫ fúm féin; níl uaim aċt an smaoineaḋ geineaḋ im’ ċeann a ċur i gcríċ; an marmar cruaiḋ bán áluinn a ġearraḋ .... tá an saoġal mór; tá ceárdaiḋṫe eile ann a ġlacfas ḃur bpáiḋe go beannaċtaċ. Téiḋiḋ ar a dtóir. Ná cailliḋ an lá orm-sa ....” agus do ċrom sé ar obair.

Ṡíl an rí é ṁeallaḋ ar ċaoi eile. Ġeall sé duais ṁór ḋó, duais níos uaisle ná aon duais a tairgeaḋ do ċeárdaiḋe ariaṁ roiṁe sin.

“An luġa mise ná asal fiaḋain an tsléiḃe?” ars’ an ceárdaiḋe. “Is féidir leis an asal fiaḋain a ṡaoġal a ċaiṫeaṁ ar a roġa ḋóiġ; fáġann sé bás leis an ocras go