Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

94

sin. An saoġal a ḃí caiṫte aige, bailte móra, caiṫeaṁ aimsire, coṁluadar ban áluinn—ní raiḃ ionnta uile aċt neaṁní i gcomórtas leis an obair a ḃí le déanaṁ aige. Go deiṁin is ar éigin a ḃí na cloċa bainte agus i dtreó aige féin agus ag an sean-ṁoġa, go raiḃ dearmad déanta aige ar a raiḃ caiṫte aige dá ṡaoġal.

An ceap uasal úd a ḃí ’na aigne agus a ḃí foluiġṫe ’sna cloċaiḃ marmair, ṫosuiġ sé ar a noċtaḋ le n-a ċasúr agus le n-a ṡiséal. Ḃíoḋ sé leis féin san mboṫa ḃeag i lár na coille craoḃaiġe ar ḃruaċ an tsruṫláin ċrónánaiġ ag obair agus ag síor-obair ó éirġe gréine go teaċt oiḋċe; is minic a ḃíoḋ torann a ċasúir le clos san doire agus na héanlaiṫ ’na suan; agus leagaḋ sé a oirnéis uaiḋ agus do ṡuiḋeaḋ sé coṁgaraċ dá ṡaoṫar ’ġá sgrúduġaḋ agus ag maċtnaṁ air ... do ṫigeaḋ na héanlaiṫ oiḋċe amaċ agus é san maċtnaṁ sin, agus nuair a lasaḋ sé a lóċrann do ḃailiġeaḋ mion-ṁíolta sgiaṫánaċa na coille timċeall ar a ḃoiṫ, agus do ṫigeaḋ cuid aca isteaċ ar an doras ċuige, agus do ċeapaḋ an saoṫraiḋe gur ag aḋraḋ a ṡaoṫair a ḃídís. Agus ní imṫiġeaḋ siad go dtigeaḋ an sean-ṁoġa le n-a ċuid bíḋ, le torṫaiḃ na coille agus le uisge ón ḃfuarán agus do ċaiṫeaḋ an ḃeirt aca an lón i n-éinḟeaċt. Nuair a ḃíoḋ an biaḋ caiṫte aca, do ċuiridís beirt impiḋe ar na déiṫiḃ.

Deireaḋ

An ceárdaiḋe: Go gcuiriḋ na déiṫe spreacaḋ ’mo ġéagaiḃ ...

An sean-ṁoġa: Le do ċuid oibre a ḋéanaṁ, a ṁaiġistir.

An ceárdaiḋe: Go méaduiġiḋ siad solus m’intinne ...

An sean-ṁoġa: Le do ċuid oibre a ḋéanaṁ, a ṁaiġistir.

Agus le dúṫraċt agus le dísleaċt na ḃfocal do ċuireaḋ an ḃeirt sgáṫ ar na mion-ṁíolta clúṁaċa a ṫigeaḋ isteaċ