Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

55

VII. Ceól Fá Alasdair Mac Colla.

Ní haon iongnaḋ, agus a raiḃ de ċáil agus de ċlú ar Alasdair ṁac Colla fá n-a ġníoṁarṫaiḃ gaisge, go ḃfuil tráċt orṫa i roinn eile den ealaḋain. Do cuireaḋ iad, ní hé aṁáin i sgríḃinn, aċt i gceól coṁ maiṫ céadna.

Tá ḋá ṗíosa ceóil againn ar marṫain go dtí an lá indiu go ḃfuil dlúṫ-ḃaint aca le hAlasdair. De ṡaġas éagsaṁail gaċ ceann aca .i. aṁrán agus máirseáil. Rud eile, ní hi n-aon tír aṁáin do coimeádaḋ iad. Is iad oileánaiġ Inse Gall Alban do ċaoṁain an t-aṁrán, agus is iad Muiṁniġ Ċontae Ċorċaiġe do ċéad-foġluim an ṁáirseáil, is dóċa, agus do ċoingiḃ cuiṁne uirṫi nó gur leaṫadar ar fud na hÉireann í nó sa Ṁuṁain agus i gConnaċtaiḃ ar aon tsliġe.

Tuigimíd ḋá rud as an méid sin, .i., (1) gur ċoiṁ-ḋeas agus gur ċuma d’Alasdair ’na Albanaċ nó ’na Éireannaċ—ba Ġaeḋeal é agus ba leór dó sin — agus dá ḃríġ sin gur ḟág sé a lorg i gceól an dá ṫír den Tré-ḟód go mbíoḋ baint aige leó araon; (2) gur coṁroinn dá ċéile Alba agus Éire ins an sgéal so Alasdair (nó Alasdruim ar nós na Muṁan) ar ċuma naċ féidir cunntas iomlán a ḃeiṫ againn air ó ṫír aṁáin aca.

Cuirim síos annso i n-ár ndiaiḋ ar ḃuail umam de ṫuairisg ar an dá ṗíosa ċeoil:

An tAṁrán.

’Sí an Ṁaiġdean Uasal Franngóg Nic Tolmaiġ[1] do ṫárrṫuiġ “Alasdair ’ṁic ó-hó.” I mBarra (.i. oileán


  1. Journal of the Folk-Song Society, No 16, p. 257 (aṁrán a 94).