Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

54

“Ċan ḟuil nas[1] iongantaiġe ná molt m’aṫara ḃíṫ[2] ’gá úsáideaċaḋ[3] agus [4]é ’na aineol[4] ḋaṁ-sa!"

Ḋ’aiṫniġ a aṫair annsin naċ raḃ é a’ faġáil ċirt.[5]

III. Cosan an Tairḃ.

Cé b’ar biṫ, ḃá tarḃ mór sticeaċ ag a aṫair agus duḃairt a ṁáṫair ċéile leis go do[6] iarr a aṫair air cosan[7] an tairḃ a ṫaḃairt isteaċ. Ċuaiḋ Alasdar amaċ agus ṫarraing é na cosan as an tarḃ agus ṫug é isteaċ ’uin toiġe iad.

IV. Coiṁeád an Toiġe.

Bá a aṫair stráiceil[8] go raḃ é coṁ láidir agus ċuaiḋ é amaċ agus ḋ’iarr é ar Alasdar an toiġ a ċoiṁeád,[9] éagal[10] go dtigeaḋ robairean[11] ionnsuiġe an toiġe, agus ṫáiniġ é ḟéin ins an dorus, a’ leigean air ḟéin gur robair[12] a ḃá ann, agus ḃá eisean a’ puiseaḋ[13] isteaċ an doruis, agus ḟuair Alasdar cos grápa agus ṗut[14] é fríd an dorus é agus ċuir é an tsúil as a aṫair.

[Ní dóċa go ḃfuil cuma na fírinne ar na sgéilíníḃ sin tuas, aċt cé ċreidfeaḋ don tseansgéalaiḋeaċt? Ní’l innti aċt sgéal.]


  1. nais isan gcanaṁaint (roiṁ i-) .i. níos.
  2. .i. ḃeiṫ.
  3. .i. úsáid.
  4. 4.0 4.1 “ana áinneon,” mar aduḃarṫar; duḃairt Glasba Beag nár ṫuig sé é.
  5. “fair play.”
  6. .i. gur
  7. .i. cosa.
  8. .i. stráiceaṁail (.i. bródaṁail, tóirtéireaċ, ríġméadaċ).
  9. “watchàil.”
  10. d’eagla.
  11. .i. robairí, gadaiḋṫe.
  12. .i. robairí, gadaiḋṫe.
  13. .i. tiomáint.
  14. .i. ċuir.