59
beid siad a’d ṁeallaḋ agus ag cimilt ḃaise ḋíot go dtí go mbeiḋ geallta agat go ndéanfair an rud san ná ceadóċṫá, b’ḟéidir, ar Éirinn, a leiṫéid do ḋéanaṁ. Fan uaṫa ar fad. Nó dein mar a ḋein an tarḃ, riṫ leat féin uaṫa. 30
41.—AN MADA RUAḊ AGUS AN LEÓṀAN BREAC.
Ḃíoḋ an leóṁan-breac coitċianta ag maoiḋeaṁ as an gcroiceann breaġ breac a ḃí air. Ḃí a leiṫéid sin de ṁeas aige air féin mar ġeall ar a ċroiceann gur ḃ’ ar éigin a laḃraḋ sé le h-aoinne eile des na h-ainṁiḋṫiḃ. 5
“Is breaġṫa a croiceann atá orm,” adeireaḋ sé, “’ná mar atá ar an leóṁan mbuiḋe féin!”
Ḃíodar go léir boḋar aige. Fé ḋeireaḋ do ḃuail an mada-ruaḋ ċuige suas agus do laḃair sé leis, go dána. 10
“Feuċ,” ar seisean, “a ḟir ḃric, tá a ḃfuil d’ainṁiḋṫiḃ sa n-áit boḋar agat.”
“Conus?” arsa’n fear breac.
“Ní stadann do ḃéal aċ ag maoiḋeaṁ as an gcroiceann san ort,” arsa’n mada-ruaḋ. 15
“Agus naċ croiceann breaġ é?” arsa’n fear breac. “Cá ḃfuil an t-ainṁiḋe eile n-a ḃfuil croiceann ċóṁ breaġ leis air?”
“Bíoḋ go ḃfuil sé breaġ,” arsa’n mada-ruaḋ, “ar nóin ní tusa a ḋein breaġ é. Agus cad é 20