58
40.—AN TARḂ AGUS AN LEÓṀAN.
Fadó riaṁ, sa n-aimsir ’n-a n-iṫeaḋ tarḃaí caoirḟeóil, dúḃairt an leóṁan leis an dtarḃ, “Tar ċun dínnéir ċugam amáireaċ,” ar seisean.
Tá caora ḃreaġ ṁéiṫ marḃ agam, agus caiṫfir-sé 5 do ċion de’n ḟeóil ḟáġail.”
“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa’n tarḃ.
Ṫáinig an tarḃ amáireaċ a ḃí ċugainn. Nuair a ṫáinig sé isteaċ d’ḟeuċ sé ’n-a ṫimpal. Ċonnaic sé corcáin ṁóra, agus aḋanna móra, agus sgeana 10 móra, agus beara móra, agus teine ḃreaġ ṁór, agus ní ḟeacaiḋ sé aon ċaora. D’iompuiġ sé láiṫreaċ agus do riṫ sé leis féin.
“Stad! Stad!” arsa’n leóṁan. “Cad é sin ort mar sin?”
15 “Ó,” arsa’n tarḃ, “is miṫid dóṁ-sa ḃeiṫ ag imṫeaċt. Ḋeallróċ’ an t-ollaṁúċán mór so naċ caora is maiṫ leat a ḃeiṫ ċun dinnéir agat, aċ tarḃ!”
An Múineaḋ.
20 Sgéal ana ḋoiṁinn is eaḋ an sgéal san. Tá daoine áiriġṫe sa tsaoġal agus nuair ba ṁaiṫ leó ṫú ḃailiuġaḋ ċuca agus a ċur ḟiaċaint ort rud éigin a ḋéanaṁ dóiḃ gur ḃ’ḟearr leat-sa gan é ḋéanaṁ, taḃarfaid siad cuireaḋ dínnéir 25 duit. Ar ball, “over the walnuts and the wine,”