Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

54

biaḋ agus deoċ dóṁ-sa oibriġim-se anso istiġ iad i dtreó go mbainim an neart asta agus ansan cuirim an neart san mór-ṫímpal ionaiḃ-re. An 60 biaḋ a ṫugaḃar dom ḋá lá ó ṡin, tá an méid nirt a ḃí ann ídiġṫe, agus d’á ḃríġ sin ní’l aon neart agam anois le taḃairt daoiḃ. Imṫiġiḋ anois,” ar séisean, “agus tugaiḋ tuilleaḋ bíḋ agus díġe ḋom, agus geallaim ḋaoiḃ gur gearr 65 go mbainfead-sa an lagaċar díḃ.”

Ṫugadar ċuige an biaḋ agus an deoċ, agus ba ġearr go raiḃ a neart agus a misneaċ acu féin arís.

An Múineaḋ.

70 Tá a ġnó féin le ḋéanaṁ ag gaċ ball de ḃallaiḃ beaṫa an duine.

Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ duine sa lín-tíġe.

Tá a ġnó féin Le déanaṁ ag gaċ lín-tíġe sa 75 paróiste.

Tá a gnó féin le ḋéanaṁ ag gaċ paróiste i n-Éirinn.

Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ duine sa náisiún, ó’n ríġ anuas go dtí bacaċ an ṁála.

80 Deineaḋ gaċ aoinne an gnó atá ceapaiṫe ḋó féin, agus deineaḋ sé sa ċeart é, agus beiḋ an raṫ ar an ngnó go léir.

“Ar sgáṫ a ċéile a ṁairid na daoine.”

Ní ḟéadfaḋ aoinne maireaċtaint ar an saoġal 85 so i n-a aonar.