Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/226

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gach uile ghné de nádúr an duine, tuigeann sé nach bhfuil saol reiligiúnach i ndán do gach aon fhear. Is éigin d’fhormhór na ndaoine maireachtáil sa tsaol saolta agus, ar bhealach, faoi cheannas an tsaoil-se siúd. Agus leag Sé amach focal comhairle dhóibh leis an fhocal seo, a dhéanas eiseamláir ar an tsaol diaganta de na hadhraitheoirí Mammon seo ar lú cráifeachta iad ná fear ar bith eile.

Dúirt sé lena lucht éisteachta nach raibh cúis mhór scáfar lena chaint, ach go raibh ann mar fhear saolta a labhairt lena chomhchréatúir. A labhairt le fir gnó a bhí sé, agus labhródh leo ar dhóigh phraiticiúil an fhir gnó. Ba eisean a gcuntasóir spioradálta a dúirt sé, má ghabhaidís leis an mheafar, agus ba mhaith leis go n-osclódh gach aon dá luch éisteachta a leabhair – leabhair a shaol spioradálta, féachaint ar réitíodar lena choinsias.

Ní saoiste dian Íosa-Chríost. Tuigeann ár lochtanna beaga, tuigeann laigí síol Ádhaimh boicht, tuigeann cathaithe an tsaoil seo. B’fhéidir go raibh cathú orainn ó am go ham, bhí orainn uile. B’fhéidir go ngéilleamar don chathú anois is arís, ghéilleamar uile. Ach ní iarrfadh sé ar a lucht éisteachta ach aon rud amháin. Agus is é seo é: bheith díreach agus fearúil le Dia. Má tá na cuntais ag teacht go hiomlán le chéile, a rá:

Well, dheimhníos na cuntais. Tá gach aon rud ina cheart iontu.”

Ach, mura réitíonn go hiomlán, mar