Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/196

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an fhir ghortaithe agus ghlaoigh ansin ar bhraon branda. Ghlaoigh an póilín arís eile air i nglór údarásach gur tháinig fear beáir de shodar leis an ghloine. Cuireadh an branda siar scornach an fhir. I gceann cúpla soicind d’oscail sé a shúile agus d’fhéach timpeall air. D’fhéach ar an fháinne daoine agus ar teacht a thuisceana dhó, thug iarracht ar éirí ina sheasamh.

“Taoi ceart go leor anois?” a d’fhiafraigh an fear óg gléasta i bhfeistis rothaíochta.

“Dhera, níl caill orm,” a dúirt an fear gonta agus é ag iarraidh seasaimh suas.

Tugadh cúnamh dhó dul ar a chosa. Dúirt an bainisteoir rud éigin faoin ospidéal agus thug daoine áirithe den tslua féachadóirí a gcomhairle. Cuireadh an hata basctha síoda ar chloigeann an fhir. D’fhiafraigh an póilín:

“Cá bhfuilir i do chónaí?”

Thosaigh an fear ag cur fuinnimh ina chroiméal ach freagra níor thug. Rinne sé beag is fiú dá thimpiste. Níor dhada é, a dúirt: ní raibh inti ach timpiste bheag. Bhí sé ag mungailt a fhocal:

“Cá bhfuil cónaí ort?” a dúirt an póilín an athuair.

D’iarr an fear tacsaí. Agus an cheist sin á plé, tháinig fear uasal anonn ón taobh eile den bheár. Bhí sé ard lúfair gealchraicneach agus bhí cóta ultach buí á chaitheamh aige. Iar dteacht i láthair dó, dúirt de ghlór ard:

“Haló, Tom, a sheanbhuachaill! Céard is cor duit?”

“Dhera, ní dada é,” ar an fear.

Bhreathnaigh an núíosach ar an fheic bhocht os a chomhair gur dhírigh a shúile ar an phóilín agus dúirt: