Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/195

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

le chéile arís mar a bheadh crios leaisteach inti. Chruinnigh pátrún dorcha fola gar do cheann an fhir i mbearnaí an urláir teasaláidigh. Chuir mílí an fhir alltacht ar an bhainisteoir, agus chuir seisean fios ar phóilín.

Scaoileadh a bhóna agus a charbhat. D’oscail sé a shúile ar feadh nóiméid, gur lig osna agus dhún arís iad. Bhí hata síoda a raibh ding ann i leathláimh ag duine de na fir uaisle a d’iompair suas staighre é. D’fhiafraigh an bainisteoir arís agus arís eile an raibh a fhios ag aon duine cérbh é an fear gortaithe nó cár imigh a chairde. D’oscail an doras agus tháinig póilín mór millteach isteach. An slua a lean síos an lána é, chruinníodar lasmuigh a ghliúcaíocht trí phainéil ghloine an dorais.

Ríomh an bainisteoir a raibh ar eolas aige láithreach bonn. D’éist an póilín. Ba fhear óg le haghaidh mhosach é. D’iompaigh a cheann go mall ó dheis go clé agus ón bhainisteoir don duine ar an urlár, mar a bheadh faitíos air go raibh rudaí á samhlú dhó. Ansin bhain a láimhín de, gur tharraing leabhrán óna bhásta, d'fhliuch a phionsail agus d’ullmhaigh é féin faoi choinne scríofa síos. Cheistigh de ghuth a raibh rian den amhrais air agus a raibh blas tuaithe air:

“Cé hé an fear?” Céard is ainm agus is seoladh dhó?

Ghearr fear óg i gculaith rothaíochta bealach dhó féin tríd an lucht féachana. Chaith é féin ar a ghlúine os comhair an fhir ghortaithe agus ghlaoigh ar uisce. Chuaigh an póilín ar a ghlúine freisin a chúnamh. Ghlan an fear óg an fhuil ó bhéal