Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/177

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ainm a hiníne[1] agus chuir sí teagascóir Gaeilice ar an tigh. Sheol Kathleen agus a dheirfiúr cártaí poist Gaeilice chuig a gcairde agus sheol na cairde seo cártaí Gaeilice eile ar ais. Domhnaigh faoi leith, nuair a théadh Mr Kearney don Leas-Ardeaglais i gcuideachta a chlainne, chruinníodh drong bheag i ndiaidh an Aifrinn ar Shráid na hEaglaise. Ba chara leis na Kearneys an uile dhaoine dhíobh – cairde ceoil nó cairde Náisiúnacha; agus nuair a bhíodh gach aon bhlúire béadáin spíonta amach acu chroitheadar lámha in éineacht, go ndearnadar gáire faoi thrasnú an iomad lámh, agus dhéanaidís ceiliúradh dá chéile as Gaeilic. Níorbh fhada go raibh trácht bheag ar ainm Miss Kathleen Kearney. Dúirt daoine go raibh sí an-chliste ar cheol agus gur chailín sochaideartha í agus, lena chois sin, go raibh a croí istigh i ngluaiseacht na teangan. Bhí Bean Uí Cearnaigh breá sásta leis seo. Dá thairbhe sin ní raibh ionadh uirthi nuair a tháinig Mr Holohan chuici lá amháin a thairiscint poist dá hiníon mar thionlacaí ceoil sna cheithre cheolchoirm a tharfadh a Society sna Antient Concert Rooms.[2] Thug Mrs Kearney isteach don tseomra suí é, chuir ina shuí é gur tharraing amach an decanter agus an soitheach airgid brioscaí milse. Chíor an fiontar go mion, mhol rudaí áirithe dhó agus chuir ó rudaí eile é; gur síneadh conradh sa deireadh a gheall ocht nguine do Kathleen as a obair mar thionlacaí sna cheithre choirm cheoil.

  1. ar thairbhe... ainm a hiníne: ba shamhail í Caitlín ní hUallacháin d'Éirinn ag náisiúnaithe. Seanbhean bhocht is í nár mhór d’fhir óg troid ar a son. Kathleen, iníon Bhean Uí Chearnaigh, sin anglú ar an ainm baiste céanna.
  2. Society... Antient Concert Rooms: Society of Antient Concerts. Chuir an Cumann coirmeacha ceoil agus eile ar siúil ina halla ceolchoirme, na Antient Concert Rooms, 42 Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh anois). Is oifigí gnó atá san fhoirgneamh anois. The Academy is ea ainm an fhoirgnimh