Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/176

From Wikisource
This page has been proofread.

fúithi áfach, phós sí Mr Kearney, gréasaí as Cé Urmhumhan, a chur a mbéadán siar ina mbéal.

Bhí seisean i bhfad níos sine ná í. Thagadh a chuid cainte, caint a bhí stuama dáiríre, thagadh amach as a fhéasóg mhór dhonn i ndreasa gairide. Tar éis bliana den tsaol pósta, thug Mrs Kearney faoi deara gur fheil fear dá leithéad níos fearr di ná duine rómánsúil, ach níor chaith sí a nóisin rómánsacha san aer riamh. Bhí sé stuama, tíosach agus cráifeach; théadh don teampull uair sa mhí ar an chéad-Aoine – uaireannta théadh léise, níos minice théadh leis féin ann. Ach d'fhan sí dílis dá teagusc féin agus bhí sí ina bean dílis dósan. Ag cóisir éigin i dtigh coimhthíoch sheasadh sé suas a fhágáil sláin ar an chuideachta ar ardú leath-mhala oiread na fríde dhise agus, nuair a ghoilleadh a chasacht air, chuireadh sí bruthrach clúmh lachan thar a chosa agus réiteodh puins láidir dó. Maidir leisean, ba athair dea-shamplach é. Chuireadh sé suim bheag airgid i gcumann gach seachtain, d’fhonn curtha céid punt an duine in áirithe dá bheirt iníonacha nuair a thagaidís in aois a gceithre bliana is fichid. Kathleen, an cailín is sine, chuir sé ar choinbhint mhaith í, ina ndearna sí staidéar ar an Fhraincis agus ar cheol, agus d’íoc as a táillí ag an Academy[1] ina dhiaidh sin. Gach uile bhliain i mí Iúil fuair Mr Kearney an deis a rá le cara éigin:

“Tá m'fhear maith ag seoladh chuig na Sceirí sinn ar feadh roinnt seachtainí.”

Murab iad na Sceirí, is Binn Éadair nó Na Clocha Liatha a bheadh i gceist.

Nuair a tháinig Athbheochan na Gaeilge i bhfaisean bhí Mrs Kearney meáite ar bhaint tairbhe as

  1. The Academy: An Royal Irish Academy of Music /Ceol[-]Acadamh Ríoga na hÉireann, 36 Rae an Iarthar