Leabhar na Polainne/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar na Polainne by Adam Mickiewicz
GUIDHE AN OILITHRIG
[ 94 ]
GUIDHE AN OILITHRIG

A Thiarna Dia an uile chomhacht! Táid clann chine calma agus a lámha gan arm sínte amach chugat ón uile pháirt den domhan. Glaodhaid siad chugat a’ doimhin na mianach i Sibéria, agus ó lár an tsneachtaidh i gCamscatca, agus ó mhachairíbh na hAilgéire, agus ó thalamh iasachta na Fraince. Agus i dtír ár n-athardha, an Pholann dílis, níl sé ceaduithe glaoch ort! Ach ár seanóirí, agus ár mbantracht, agus ár leanbhaí, táid siad ag guidhe chugat istig ina n-aigne agus iad ag sileadh deor! A Dhia na nIagellónach! A Dhia na Sobiesciach! A Dhia na gCosciuscach! Dein trócaire orainne agus ar ar n-athardha. Tabhair dhúinn ar nguidhe do chur suas chugat arís, ar nós ár sinsear, ar láthir an chatha, agus airm nar lámhaibh againn, os comhair altórach de dhromaíbh agns de ghunnaíbh móra, fé chanóipe ar meirgí agus ár mbratach; agus tabhair dhúinn ar dtuismitheoirí bheith ag guidhe chugat i dteampallaibh ár gcathrach agus ár sráid-bhailte agus ar gclann do bheith ag cur a n-úrnuithe chugat os cionn ár dtuamaí.

Ach mar sin féin ná déantar mar is toil linne ach mar is toil leatsa. Amen.