Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 8/Faoisidin an Óig-Fhir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 8  (1894)  by Dubhghlas de hÍde
Faoisidin an Óig-Fhir
[ 116 ]

FAOISIDIN AN ÓIG-ḞIR:

Leis an gCraoiḃín Aoiḃinn.

Ó d’ḟás me suas ḃeiṫ láidir mór,
Ó fuair mé stór agus cisde ḃeag,
Ó ċuaḋas ar cuairt ar fud na dtíorṫa,
Tá m’anam ciapṫa go boċt ’s go lag.

Ní ġaḃaim aon aḃrán, ní ṫig liom é,
Aċt bean agus spré ag riṫ im’ċeann;
Is fada faraor ó do léiġ mé dán;
Tá mé ar fán ⁊ tá mé gan greann.

Ní hionann mé agus ḃí mé tráṫ;
Do ḃí mé lá a’s dá ḃfáġainn leaḃar,
Do ċromfainn dá léiġeaḋ ar feaḋ an lae,
Go gcaillfinn ó’n léiġeaḋ mo lúṫ ’s
mo ṁeaḃair.

Do gcuirfeá amáraċ ar mo láiṁ
An leaḃar is fearr dá ndearna peann,
Ní ḟosglóċainn an ċlár—’sé mo ṁeas dá
ríriḃ
Naċ raċaḋ aon lín ḋé ann mo ċeann.

Do ḃí mé lá, a’s níor ġnáṫ liom riaṁ
Ḃeiṫ fallsa díoṁaoineaċ mar atáim,
Aċt ag gaḃáil aḃrán ’s ag léiġeaḋ sgríḃinn,
Agus ḃiḋeaḋ m’intinn ró-ṫe ’s ró-
lán.

Naċ mór an t-aṫruġaḋ ṫáinig orm,
Agus mise ’san ḃfoirm-se ’dul ar
strae,
Ní ṫuigim féin an nós dá leanaim,
’S ar uairiḃ measaim naċ mé mé.

Cleasa an tsaoġail a’s gráḋ do’n doṁan
A’s taḃairt do roġain ḃeiṫ ’g iarraiḋ
óir,
Is iad do ruaig mo ċroiḋe im’ ċliaḃ
Mar ḟiaḋ ar ṡliaḃ ’sna coin ’n-a ṫóir.

Adeirim liom féin ceud míle uair
Naċ ḃfuil aċt luaiṫreaḋ in san ór,
Naċ ḃfuil san mbeaṫa aċt séideog gaoiṫe,
’S gur fír-neiṁníḋ an stoc ’s an stór;

Naċ ḃfuil ’sna ríġṫiḃ is mó aċt daoine
’S naċ ḃfuil ’sna daoiniḃ aċt cárnáin
ċré—
Dá ṁeud a n-abraim, dá ṁeud a smaoinim,
Ní ṡocruiġim i m’inntinn, ní ṫiġ liom é.

A Íosa Ċríost, fuair bás Dia hAoine
Ar son na ndaoine le pionús mór,
Díbir an tsaoġaltaċt as mo ċroiḋe-se,
An t-eallaċ, an talaṁ, an stoc, ’s an
stór.