Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 4/Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 4
Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe
[ 62 ]

A STORY IN KENMARE IRISH.


[ 62 ]

Bearna Ḋiarmada i g-Ciarraiġe.

Do ḃí an ġealaċ ag dul faoi an uair d’eirig fear as ċladaraċ[1] air ġualainn an Aitinn, ⁊ do ḃáin searraḋ as féin. Ḃí a leabuiḋ cruaiḋ, neaṁ-ċompórdaċ, aċt ḃí a ċroiḋe air a ṡon sin meisneaṁail buan-ṡeasṁaċ. Do rit broc ṫairis ⁊ do ling a bpluais,[2] d’eirig creaḃar ins an aeir ⁊ d’eitill tar ḃeinn an cnoic, ⁊ mar an g-ceudna d’ḟág an ċearc-ḟraoiċ a nead i measg an ḟionnáin-ḃáin,[3] ⁊ do ġlaoḋ ar an g-coileaċ go raiḃ an lá i ngar dóiḃ.

“Caiṫfead ḃeiṫ air siúḃal,” ars an fear, “ní fuláir dam ḃeiṫ ag an Ros Mór anoċt.” Do ḃuail sé síos ċum buin an ċnoic ⁊ do ḋruid sé le coṁla boṫáin ḃí in aice sruṫáin imeasg na seasga.

“Cia h-é sin?” ar guṫ.

“Mise a ċaiṫis”[4] ar Diarmaid. “A raiḃ aoinneaċ ann so air feaḋ na h-oiḋċe?”

“Ċuala rud éigin ag gaḃáil timċeall an tiġe, uair ṁeaḋon oiḋċe, aċt ṫáinig faitċios orm ⁊ níor eiríġeas im’ ṡuiḋe mar do ṡaoileas go raiḃ beirt ann.” “Ca ḃ’ḟios duit?”

“Mar do ċualas cogarnuig,[5] ⁊ dar liom, ní Gaeḋilge do laḃradar.” “Ta go maiṫ,” ar Diarmaid leis féin. “Tógfad liom ṫú feasda, a ḃuíḋeanaċ”[6] ar seisean.

Do leig sé uaiḋ a ċloiḋeaṁ ’sa ċúinne’ ⁊ do ċuartaig an ġríosaċ ċum smeuróid d’ḟaġáil ċum na teine do áduġaḋ.[7]

“Ná bac sin,” a aṫairín, “beiḋead im ṡuiḋe air nóimeat ċum í aḋaint.”

“Codail go fóil, a ċaiṫis” arsan t-aṫair, “ní ḟuil sé ’na lá fós, ⁊ níor ċodlais go suanṁar air feaḋ na h-oiḋċe.” D’ḟeuċ sí suas air, ⁊ do ṗóg sé arís í. Do ċruinnig deor ’na ṡúil ġlais, mar buḋ ḋeárċaċ[8] leis an ṁáṫair an leanḃ inġíne, ⁊ do ṫarraing se osnaḋ ḃrónaċ, atuirseaċ.

“Mo ġráḋ ṫú ’sa ċill, a Nóra, d’ḟagḃais bráġaid ġlégeal, cuisle ċruinn ⁊ luisne leacan ag Nóra óg.” Ċualaig an leanḃ é, aċt níor ṫuig sí mar do ḃí sí eidir ṡuan ⁊ dúiseaċt. Do ḃí láṁ h-aṫar air a h-eudan sleaṁain, ṫáinig ciuineas mór ’na croiḋe; ċualaiḋ sí trí ḋíon an ḃoṫáin liú[9] an ḟiolair ⁊ glór bínn na sruṫán. Ní ṫiocfaiḋ neaṁaraċt[10] arís uirre. Tá Diarmaid mór ’na foċair, croiceann broic faoi n-a ceann, croiceann gaḃair ⁊ croiceann caoraċ leaṫta[11] uirre, ⁊ an raiṫneaċ úr glan ’na leabuiḋ cóiriġṫe ḟuiṫe. Tá an leanḃ ’na codlaḋ. Do riġne an t-aṫair fíoġair na croise air a h-eudan ⁊ do ṡuiḋ féin air ċloiċ inaice na teine. Ċuir sé a ċloiḋeaṁ cois na leapṫa. Ḃí a ḋá ḋearna faoi n-a smeigín, a ḋá uillinn ar a ġlúnaiḃ, ⁊ é ag smuaineaḋ. “Le ceiṫre bliaḋna níor ċroinas mo ġlún ċum sagairt. Cionnus a ḋeunfainn? Do ṫuíll Rísdeárd Oirpin an rud do riġneas air; ḃí an Drom Mór [ 63 ]ag mo ṡinnsearaiḃ roṁam ar feaḋ míle bliaḋan:” nar ḋíṫlaṫairiġ sé mé le neart dliġṫe na ngall? Níor ḃeag ḋó sin, aċt ṁeas an fear gáirseaṁail mo ḃean ḃanaṁail do ḟuadaċ. Ḃris an masla sin ⁊ easbaiḋ an Droma ṁóir a croiḋe glan, aċt do ḃriseas-sa a ċliaḃ i n-díoġail. Beaṫaḋaċ allta ar fud na g-cnoc, coṁarsa an ḟiolair ⁊ an t-seaḃaic; aċt go h-áiriġṫe ċoṁ saor leis an ngaoiṫ a ṡéideann timċeall Mullaig an aitinn. Do ḃeaṫuiġeas mé féin ⁊ an inġean ar maoin an Oirpínig. Canaṫaoḃ ná deunfainn? Nár ḋein Cit cam-ṡúileaċ Oirpin a nead san ndrom mór im’ ionad, aċt do ḋeuinas-sa nead do Risdárd—sé troiġṫe de ḃán an teampuill ġallda. Eísṫ! saṁluiġim go g-cloisim rud éigin. Do taiḋḃreaḋ[12] ḋam go raiḃ Cit ag teaċt trasna Bearna an Ġearráin, ċum feíll do ḋeunaṁ orm; brionglóid ḃreugaċ do ba eaḋ í, mar ṫáinig sé isteaċ ’san ngleann ṫríd an mbeárnain eile gan ḟios dam. Denfad faire níos géire arís ort, a Ċit, ⁊ ní raġaiḋ ṫ-aisdear go maiṫ duit, mar fágfad-sa do ċorp ins an Ċúm ag seaḃaic na sléiḃte.” Do ġíosg sean-ṫuisleaḋ an doruis, óir do ḋruid duine ó’n d-taoḃ amuiġ é. Ċoisg Diarmaid an munṁar ⁊ d’ḟeuċ sé suas. Ḃí fardoras an ḃoṫáin air lasaḋ ⁊ ḋá ṡúil urġránna ag faire air ón’d-táirsig. Riṫ an laisir ṫrí ḋíon an ḃoṫáin mar splanc[13] ṫrí ḃonnaċ.[14] Do ṗreab Diarmaid ċum na leapṫa ⁊ do sciob[15] an leanḃ ar a ḃacalainn. Ós cionn foṫruim na teine laḃair fuaim an ṗiléir ⁊ ċuir Diarmaid béic as nós tairḃ buile, nó leoṁain i líon, an uair caiṫeaṁ air a ṫár-in-áirde é. Lé prap na súl ḃí sé ’na ṡuiḋe arís ⁊ greim ar a ċloiḋeaṁ aige. Léim sé ċum an dorais. Ḃí smutáin teíntiḋe ó na taoḃánaiḃ ag tuitim air, ⁊ do ċuir fear na táirsiġe sgairteaḋ[16] gáire as an uair do ċonnairc sé folt Ḋiarmada air lasaḋ, ⁊ an deataċ á ṁúċaḋ. Do ṫarraing Diarmaid a ċloiḋeaṁ ⁊ do ḃuail go neiṁ-eaṁail. Faire go bráṫ; do ċoisg an fardoras é mar ċuaiḋ rinn an ċloiḋiṁ i n-aċrann ins an adṁad. Seaċain a Ḋiarmaid! seaċain! ċugat arís an pileur atá faoi ḋéiġin do ċroiḋe!

Faoi ċeann nóimit eile do ḃí greim ag Diarmaid air uḃall scórnaiġe an ḟir ⁊ a bróg go lasgaḋ[17] in a ċorpán. Triur! ceaṫrar! cá ṁeid eile? Do lingeadar ar Ḋiarmaid le na g-cloiḋṁiḃ. Ta an leanḃ faoi na oscuill ċlé ⁊ ní leigfiḋ sé uaiḋ í. Gearrfar na bloġaiḃ í gan aṁras. Ḃí na cloiḋṁe ag báint teine ċreasa[18] as a ċéile ⁊ Diarmaid ag dul i ndiaiḋ a ċúil ag cosg na m-béimeann. “Buailiḋ go clisde é a ḃastúna[19] meata, tá coṁaċta an diaḃail ag an méirleaċ,” ar Cit cam-ṡuileaċ. Do ċasadar air a ṫaoḃ ⁊ dtaoḃ ṡiar dé, aċt ní ḃ-fuaradar leagan air mar ḃí sé ċoṁ lúṫṁar ⁊ ċoṁ mear le fiaḋ. Faoi ḋeireaḋ, do ṁeas Cit a ḃuillecosainte do ḃriseaḋ, ⁊ ṫug breug-iarraċt faoi na ḃraġaid ⁊ fíor-iarraċt eidir a ḋá ṡúil, aċt ḃí a naṁaid ro-ġlic, ⁊ an dara nóimeat ḃí láṁ Cit ó’n riġe ḋé. Do sgread an triúr eile le h-uaṁan ⁊ do riṫeadar le fánaig ó Ḋiarmaid. Ḃí seisean tinn, tuirseaċ, ⁊ níor ḃ-ḟéidir leis iad a leanaṁaint.

Ḃí Cit sínte ’na cuid fola ⁊ d’ḟeuċ Diarmaid air go fíoċṁar. Níor ċorruig an leanḃ air a ċuislinn ċlé, ⁊ do preab a ċroiḋe le h-eagla go raiḃ sí gonta.

“A Ṁuire-ṁaṫair! tá sí marḃ,” ar sé an uair do leig uaiḋ í air an mbán. Do ḃuail sé a ḋá ḃais, ⁊ do leig liú do ċroiṫ na cnoic.

“Do ḃris Risdard Oirpin croiḋe de ṁaṫar ⁊ do marḃ pileur Ċit ṫusa. Oċón, a [ 64 ]ḃuiḋeanaċ, oċón! mo ṗeata ċúig mbliaḋan mo ċaiṫis, oċón ail-i-lúi.” Do ṫom sé sop fionna-ṁóna[20] i n-uisge na díge i ngár dó, ⁊ do ċuimil an ḟuil ó na h-aġaiḋ. “O Ḋia tá sí geárrṫa na bloġaiḃ ní’l ball dí slan.”


  1. Uneven ground covered with boulders.
  2. The den of any wild animal.
  3. Long coarse grass.
  4. A term of endearment.
  5. Whispering.
  6. Another term of affection.
  7. To light, make up.
  8. Like.
  9. Cry.
  10. Awe, fear.
  11. Spread.
  12. I dreamt.
  13. A spark.
  14. Tow.
  15. Snatched.
  16. A burst of laughter.
  17. The leather about the ankle.
  18. Sparks given out when iron or steel hit on a hard substance.
  19. Lazy fellow.
  20. Moss.