Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
62
THE GAELIC JOURNAL.

II. (Four not to go).

The plains or the mountain will not go,
The moon or the sun will not go,
The sea-water from the fish will not go,
Grace from God will not go.

124. A sound breeches on John, and not a thing on his father.

125. It is your going asking; (or seeking) wool of a goat.

126. If it is a sin to be yellow, there are people damned.

127. Likelies are often loselies.

128. Corney (Connor) is as bad as the other.

129. Though a person's coat is near him, his shirt is nearer.

130. The little (quantity) tastes sweet.

131. Taste the food and you'll get a desire for it.

132. He (or she) is as jolly as a scarred mule.

133. By its taste ’tis better.

134. It's no journey to call to a house on the roadside.

135. When the cuckoo coos (speaks) on a leafless tree, and when Easter Sunday falls on Lady Day (March), sell your stock and buy provision.

136. Kiss the hare’s feet.

137. A grain often escapes the grinding (of a mill).

(To be continued.)

N.B.—In Nos. 61 and 96 aiṫneann should be aiṫniġeann, and in No. 59 read go h-eadarṫraċ.


A STORY IN KENMARE IRISH.


Bearna Ḋiarmada i g-Ciarraiġe.

Do ḃí an ġealaċ ag dul faoi an uair d’eirig fear as ċladaraċ[1] air ġualainn an Aitinn, ⁊ do ḃáin searraḋ as féin. Ḃí a leabuiḋ cruaiḋ, neaṁ-ċompórdaċ, aċt ḃí a ċroiḋe air a ṡon sin meisneaṁail buan-ṡeasṁaċ. Do rit broc ṫairis ⁊ do ling a bpluais,[2] d’eirig creaḃar ins an aeir ⁊ d’eitill tar ḃeinn an cnoic, ⁊ mar an g-ceudna d’ḟág an ċearc-ḟraoiċ a nead i measg an ḟionnáin-ḃáin,[3] ⁊ do ġlaoḋ ar an g-coileaċ go raiḃ an lá i ngar dóiḃ.

“Caiṫfead ḃeiṫ air siúḃal,” ars an fear, “ní fuláir dam ḃeiṫ ag an Ros Mór anoċt.” Do ḃuail sé síos ċum buin an ċnoic ⁊ do ḋruid sé le coṁla boṫáin ḃí in aice sruṫáin imeasg na seasga.

“Cia h-é sin?” ar guṫ.

“Mise a ċaiṫis”[4] ar Diarmaid. “A raiḃ aoinneaċ ann so air feaḋ na h-oiḋċe?”

“Ċuala rud éigin ag gaḃáil timċeall an tiġe, uair ṁeaḋon oiḋċe, aċt ṫáinig faitċios orm ⁊ níor eiríġeas im’ ṡuiḋe mar do ṡaoileas go raiḃ beirt ann.” “Ca ḃ’ḟios duit?”

“Mar do ċualas cogarnuig,[5] ⁊ dar liom, ní Gaeḋilge do laḃradar.” “Ta go maiṫ,” ar Diarmaid leis féin. “Tógfad liom ṫú feasda, a ḃuíḋeanaċ”[6] ar seisean.

Do leig sé uaiḋ a ċloiḋeaṁ ’sa ċúinne’ ⁊ do ċuartaig an ġríosaċ ċum smeuróid d’ḟaġáil ċum na teine do áduġaḋ.[7]

“Ná bac sin,” a aṫairín, “beiḋead im ṡuiḋe air nóimeat ċum í aḋaint.”

“Codail go fóil, a ċaiṫis” arsan t-aṫair, “ní ḟuil sé ’na lá fós, ⁊ níor ċodlais go suanṁar air feaḋ na h-oiḋċe.” D’ḟeuċ sí suas air, ⁊ do ṗóg sé arís í. Do ċruinnig deor ’na ṡúil ġlais, mar buḋ ḋeárċaċ[8] leis an ṁáṫair an leanḃ inġíne, ⁊ do ṫarraing se osnaḋ ḃrónaċ, atuirseaċ.

“Mo ġráḋ ṫú ’sa ċill, a Nóra, d’ḟagḃais bráġaid ġlégeal, cuisle ċruinn ⁊ luisne leacan ag Nóra óg.” Ċualaig an leanḃ é, aċt níor ṫuig sí mar do ḃí sí eidir ṡuan ⁊ dúiseaċt. Do ḃí láṁ h-aṫar air a h-eudan sleaṁain, ṫáinig ciuineas mór ’na croiḋe; ċualaiḋ sí trí ḋíon an ḃoṫáin liú[9] an ḟiolair ⁊ glór bínn na sruṫán. Ní ṫiocfaiḋ neaṁaraċt[10] arís uirre. Tá Diarmaid mór ’na foċair, croiceann broic faoi n-a ceann, croiceann gaḃair ⁊ croiceann caoraċ leaṫta[11] uirre, ⁊ an raiṫneaċ úr glan ’na leabuiḋ cóiriġṫe ḟuiṫe. Tá an leanḃ ’na codlaḋ. Do riġne an t-aṫair fíoġair na croise air a h-eudan ⁊ do ṡuiḋ féin air ċloiċ inaice na teine. Ċuir sé a ċloiḋeaṁ cois na leapṫa. Ḃí a ḋá ḋearna faoi n-a smeigín, a ḋá uillinn ar a ġlúnaiḃ, ⁊ é ag smuaineaḋ. “Le ceiṫre bliaḋna níor ċroinas mo ġlún ċum sagairt. Cionnus a ḋeunfainn? Do ṫuíll Rísdeárd Oirpin an rud do riġneas air; ḃí an Drom Mór


  1. Uneven ground covered with boulders.
  2. The den of any wild animal.
  3. Long coarse grass.
  4. A term of endearment.
  5. Whispering.
  6. Another term of affection.
  7. To light, make up.
  8. Like.
  9. Cry.
  10. Awe, fear.
  11. Spread.