Jump to content

Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 2/Domhnall Dubh Agus Bradán Mór Locha-Rí

From Wikisource
269881Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 2 — Domhnall Dubh Agus Bradán Mór Locha-Rí
[ 27 ]

FOLK-LORE OF CONNAUGHT.


[ 27 ]

DOṀNALL DUḂ AGUS BRADÁN MÓR LOĊA-RÍ.

(Lé “Páidín ruaḋ O’Ceallaiġ.”)

Ins an tsean-aimsir ṁaiṫ, i ḃfad ó ṡoin, ḃí fear dar ab ainm Doṁnall Duḃ ’na ċoṁnuiḋe i ngar do Loċ-rí. Ḃí sé fiċe bliaḋain pósta gan ċlainn, aċt aon inġíon aṁáin, ⁊ ḃí sise dall ó rugaḋ í, agus ’sé an t-ainm a ḃí aig na daoiniḃ uirri, Nóirín dall, duḃ. Ḃí guṫ breaġ ceolṁar aici, ⁊ ní raiḃ sean-aḃrán ’san tír naċ raiḃ le croiḋe aici. Aon tráṫnóna aṁáin d’iarr Nóirín ar a h-aṫair í ṫaḃairt síos go bruaċ an loċa, mar ḃí an tráṫnóna an- ḃreaġ. Thug an t-aṫair síos í, ⁊ duḃairt sé léi: “fan annsin, nó faġ do ḃealaċ a ḃaile.” Nuair d’imṫiġ a h-aṫair ṡuiḋ sí síos ar ṫurtóig ṫirm, ⁊ ṫoisiġ sí ag gaḃail aḃráin, mar so:—

A Bhealtaine ḃuiḋe, is tusa an ṁí
A mbiḋeann daṫ deas ar na féiliocáin;
Biḋeann leanḃ aig an mnaoi, aig an ḃó biḋeann
laoġ,
’Gus aig an láir biḋeann searraċán.

Ní raiḃ sí i ḃfad ag gaḃail an aḃráin go dtáinic bradán mór go bárr an uisge, agus ċuir sé cluas air féin aig éisteaċt léi. Nuair ċuir sí deireaḋ ar an rann, ċualaiḋ sí an guṫ ’ġá ráḋ: “is mór an truaiġ go ḃfuil tú dall. Dá mḃeiḋeaḋ domblas bradáin agat le cumailt ar do ṡúiliḃ, ḃeiḋeaḋ do raḋarc agat.”

Nuair a ḃí an ġrian ag dul faoi, ṫáinic Doṁnall, ⁊ ṫug sé a ḃaile í.

D’innis sí ḋó na focla a ċualaiḋ sí. “Maiṫ go leor, raċaiḋ mise aig iasgaireaċt ar maidin i mbáraċ,” arsa Doṁall , “agus má tá bradán san loċ gaḃfaiḋ mé é.”

Ar maidin, lá ar n-a ḃáraċ, roiṁ grian go moċ, d’eiriġ Doṁnall ⁊ ċuaiḋ sé síos go dtí an loċ. Fuair sé bád, ⁊ amaċ leis aig iasgaireaċt. Nuair ṫáinic sé go lár an [ 28 ]loċa, ċualaiḋ sé cruiteaċ[1] aig sgreiċ; san am ceudna fuair sé an líne ag tarraingt, agus ṫoisiġ an t-slat iasgaireaċta ag lúbaḋ. “Dar m’ḟocal,” ar Doṁnall, “tá bradán mór ar mo ḋuḃán.” Leis sin, ṫoisiġ sé ag tarraingt ċoṁ maiṫ a’s d’ḟeud sé, aċt, mo ḃrón! sgiorr a ċosa, ⁊ ṫuit sé amaċ ar ṁullaċ a ċinn san loċ, ⁊ síos, síos faoi uisge gur ṡaoil sé go raiḃ sé ag deireaḋ an doṁain.

Nuair a d’ḟosgail sé a ṡúile, fuair sé é féin i seomra ḃreaġ, i láṫair fir ṁóir. Ḃí a ċroiceann mar croiceann éisg. Labair an fear leis: “A Ḋoṁnaill ḋuiḃ, ar sé, “cad a ṫug annso ṫú?” “Ní’l ḟios agam,” arsa Doṁnall, “ḃiḋeas aig iasgaireaċt ar Loċ-rí, ⁊ ṡaoil mé go raiḃ bradán mór gaḃṫa agam, agus ḃiḋeas ’ġa ṫarraingt isteaċ nuair sgiorr mo ċosa, ⁊ ṫuit mé ar ṁullaċ mo ċinn isteaċ san loċ. Ní ḃéiḋinn aig iasgaireaċt aċt tá inġíon dall agam, ⁊ ċualaiḋ sí dá mbéiḋeaḋ domblas bradáin aici le cumailt ar a súiliḃ go mbeiḋeaḋ a raḋarc aici. Sin agat an fáṫ a ḃfuilim annso.”

“Tá tú i láṫair riġ an loċa anois,” ars an fear, “⁊ is fada atá mé ag fanaċt leat. Éist liom anois. Ar ċualaiḋ tú ariaṁ an ċaoi ar ṫárla do’n loċ a ḃeiṫ annso san áit a ḃfuil sé?” “Níor ċualaiḋ mé, go deiṁin,” arsa Doṁnall, “giḋ go ḃfuilim ’mo ċoṁnuiḋe i ngar do’n loċ ó rugaḋ mé, ⁊ mo ṡeaċt sinnsir roṁam.” “Ní ḃeiḋ tú i ḃfad mar sin,” ars an fear mór.

“Ba rí m’aṫair-se, ⁊ fuair mo ṁáṫair bás an oiḋċe a rugaḋ mé, aċt níorḃ ḟada gur ṗós m’aṫair bean eile, agus ḃí cumaċta ṁór draoiḋeaċta aig mo leasṁáṫair. Nuair ḃí mé seaċt mbliaḋna d’aois ċuir mé fearg uirre; ṫarraing sí amaċ slaitín draoiḋeaċta, ċuir sí criṫ-talṁan ar ḋúiṫċe m’aṫar, ⁊ rinne sí loċ ḋe. Báiṫeaḋ m’aṫair, ⁊ rinneaḋ bradán díom-sa, mar ḟeiceas tú. Tagann mo leas-ṁáṫair ’ċ uile oiḋċe le mo ġeurċráḋaḋ, aċt ó ṫárla go ḃfuil tusa liom, is dóiġ go ḃfuiġiḋ mé buaiḋ uirre anois. Anois tar liom, ⁊ fágfaiḋ mé ar ḃruaċ an loċa ṫú; annsin teíriġ go bun an ċroinn ṁóir ṁaol-dearg atá ag fás ar ċúl do ṫiġe, ⁊ roṁair síos go dtagaiḋ tú ar leac ṁóir. Tóg an leac, ⁊ ġeaḃaiḋ tú cat duḃ firionn ’na ċodlaḋ fúiṫe; taḃair leat an cat go bruaċ an loċa, ⁊ béiḋ mise annsin róṁat. Má ġniḋ tú mar adeir mise leat, béiḋ tú sona, saiḋḃir, buansaoġalaċ, aċt mur (muna) ndéanaiḋ tú mar adeirim, béiḋ tú ’do ḋeoruiḋe boċt cráiḋte, ċoṁḟad a’s tá uisge ag riṫ nó feur ag fás.”

“Dar m’ḟocal, déanfaiḋ mé mar adeir tú,” arsa Doṁnall, “agus tá mé réiḋ lé ḋul leat.”

Annsin, ḃuail sé buille de ṡlaitín draoiḋeaċta ar Ḋoṁnall, ⁊ rinne sé cruiteaċ ḋe, ⁊ níorḃ ḟada go ḃfuair sé é féin ag snáṁ ar an loċ. Nuair a ṫáinic sé go bruaċ, ḃuail an bradán mór buille de’n tslaitín draoiḋeaċta air, ⁊ lé casaḋ do láiṁe, ḃí sé ar talaṁ, ⁊ rinne sé a ḃealaċ a ḃaile. Nuair a ṫáinic sé ċoṁ fada leis an gcrann mór maol-dearg, ṫoisiġ sé ag róṁar; níorḃ ḟada go dtáinic sé ar an leac ṁóir, ⁊ nuair ṫóig sé an leac, ċonnaic sé an cat duḃ ’na ċodlaḋ. Chuir sé an cat in a ḃrollaċ, ⁊ as go bráṫ leis go bruaċ an loċa. Ḃí an bradán mór annsin roiṁe, ⁊ ṫug sé é féin ⁊ an cat duḃ go dtí a ṡeomra faoi’n loċ. Annsin duḃairt sé lé Doṁnall:—“is maiṫ an laoċ ṫú; anois faġ sgian, ⁊ bain croiḋe an ċuit amaċ, ⁊ taḃair doṁsa é.”

Fuair Doṁnall an sgian, ḃain sé amaċ croiḋe an ċuit, ⁊ ḃí sé ’ġa ṫaḃairt do’n ḃradán, aċt ċualaiḋ sé torann mór. “Deifir, deifir,” ars an bradán, “tá an ċailleaċ ag teaċt. Faġ mo ċloiḋeaṁ geur atá ṫall ar an mballa, ⁊ cruṫuiġ ġur gaisgiḋeaċ ṫú, nuair ṫiocfas an ċailleaċ ⁊ a cuid cat isteaċ.” (Tuilleaḋ.)

  1. Cruiteaċ, a curlew.