loċa, ċualaiḋ sé cruiteaċ[1] aig sgreiċ; san am ceudna fuair sé an líne ag tarraingt, agus ṫoisiġ an t-slat iasgaireaċta ag lúbaḋ. “Dar m’ḟocal,” ar Doṁnall, “tá bradán mór ar mo ḋuḃán.” Leis sin, ṫoisiġ sé ag tarraingt ċoṁ maiṫ a’s d’ḟeud sé, aċt, mo ḃrón! sgiorr a ċosa, ⁊ ṫuit sé amaċ ar ṁullaċ a ċinn san loċ, ⁊ síos, síos faoi uisge gur ṡaoil sé go raiḃ sé ag deireaḋ an doṁain.
Nuair a d’ḟosgail sé a ṡúile, fuair sé é féin i seomra ḃreaġ, i láṫair fir ṁóir. Ḃí a ċroiceann mar croiceann éisg. Labair an fear leis: “A Ḋoṁnaill ḋuiḃ, ar sé, “cad a ṫug annso ṫú?” “Ní’l ḟios agam,” arsa Doṁnall, “ḃiḋeas aig iasgaireaċt ar Loċ-rí, ⁊ ṡaoil mé go raiḃ bradán mór gaḃṫa agam, agus ḃiḋeas ’ġa ṫarraingt isteaċ nuair sgiorr mo ċosa, ⁊ ṫuit mé ar ṁullaċ mo ċinn isteaċ san loċ. Ní ḃéiḋinn aig iasgaireaċt aċt tá inġíon dall agam, ⁊ ċualaiḋ sí dá mbéiḋeaḋ domblas bradáin aici le cumailt ar a súiliḃ go mbeiḋeaḋ a raḋarc aici. Sin agat an fáṫ a ḃfuilim annso.”
“Tá tú i láṫair riġ an loċa anois,” ars an fear, “⁊ is fada atá mé ag fanaċt leat. Éist liom anois. Ar ċualaiḋ tú ariaṁ an ċaoi ar ṫárla do’n loċ a ḃeiṫ annso san áit a ḃfuil sé?” “Níor ċualaiḋ mé, go deiṁin,” arsa Doṁnall, “giḋ go ḃfuilim ’mo ċoṁnuiḋe i ngar do’n loċ ó rugaḋ mé, ⁊ mo ṡeaċt sinnsir roṁam.” “Ní ḃeiḋ tú i ḃfad mar sin,” ars an fear mór.
“Ba rí m’aṫair-se, ⁊ fuair mo ṁáṫair bás an oiḋċe a rugaḋ mé, aċt níorḃ ḟada gur ṗós m’aṫair bean eile, agus ḃí cumaċta ṁór draoiḋeaċta aig mo leasṁáṫair. Nuair ḃí mé seaċt mbliaḋna d’aois ċuir mé fearg uirre; ṫarraing sí amaċ slaitín draoiḋeaċta, ċuir sí criṫ-talṁan ar ḋúiṫċe m’aṫar, ⁊ rinne sí loċ ḋe. Báiṫeaḋ m’aṫair, ⁊ rinneaḋ bradán díom-sa, mar ḟeiceas tú. Tagann mo leas-ṁáṫair ’ċ uile oiḋċe le mo ġeurċráḋaḋ, aċt ó ṫárla go ḃfuil tusa liom, is dóiġ go ḃfuiġiḋ mé buaiḋ uirre anois. Anois tar liom, ⁊ fágfaiḋ mé ar ḃruaċ an loċa ṫú; annsin teíriġ go bun an ċroinn ṁóir ṁaol-dearg atá ag fás ar ċúl do ṫiġe, ⁊ roṁair síos go dtagaiḋ tú ar leac ṁóir. Tóg an leac, ⁊ ġeaḃaiḋ tú cat duḃ firionn ’na ċodlaḋ fúiṫe; taḃair leat an cat go bruaċ an loċa, ⁊ béiḋ mise annsin róṁat. Má ġniḋ tú mar adeir mise leat, béiḋ tú sona, saiḋḃir, buansaoġalaċ, aċt mur (muna) ndéanaiḋ tú mar adeirim, béiḋ tú ’do ḋeoruiḋe boċt cráiḋte, ċoṁḟad a’s tá uisge ag riṫ nó feur ag fás.”
“Dar m’ḟocal, déanfaiḋ mé mar adeir tú,” arsa Doṁnall, “agus tá mé réiḋ lé ḋul leat.”
Annsin, ḃuail sé buille de ṡlaitín draoiḋeaċta ar Ḋoṁnall, ⁊ rinne sé cruiteaċ ḋe, ⁊ níorḃ ḟada go ḃfuair sé é féin ag snáṁ ar an loċ. Nuair a ṫáinic sé go bruaċ, ḃuail an bradán mór buille de’n tslaitín draoiḋeaċta air, ⁊ lé casaḋ do láiṁe, ḃí sé ar talaṁ, ⁊ rinne sé a ḃealaċ a ḃaile. Nuair a ṫáinic sé ċoṁ fada leis an gcrann mór maol-dearg, ṫoisiġ sé ag róṁar; níorḃ ḟada go dtáinic sé ar an leac ṁóir, ⁊ nuair ṫóig sé an leac, ċonnaic sé an cat duḃ ’na ċodlaḋ. Chuir sé an cat in a ḃrollaċ, ⁊ as go bráṫ leis go bruaċ an loċa. Ḃí an bradán mór annsin roiṁe, ⁊ ṫug sé é féin ⁊ an cat duḃ go dtí a ṡeomra faoi’n loċ. Annsin duḃairt sé lé Doṁnall:—“is maiṫ an laoċ ṫú; anois faġ sgian, ⁊ bain croiḋe an ċuit amaċ, ⁊ taḃair doṁsa é.”
Fuair Doṁnall an sgian, ḃain sé amaċ croiḋe an ċuit, ⁊ ḃí sé ’ġa ṫaḃairt do’n ḃradán, aċt ċualaiḋ sé torann mór. “Deifir, deifir,” ars an bradán, “tá an ċailleaċ ag teaċt. Faġ mo ċloiḋeaṁ geur atá ṫall ar an mballa, ⁊ cruṫuiġ ġur gaisgiḋeaċ ṫú, nuair ṫiocfas an ċailleaċ ⁊ a cuid cat isteaċ.” (Tuilleaḋ.)
- ↑ Cruiteaċ, a curlew.