Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 11/Marbhrainn

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 11  (1895)  by Pádraig Stúndún
Marbhrainn
[ 163 ]

MARḂRAINN.


PÁDRAIG STÚNDÚN AR ḂÁS AN ĊLIAR-ṠAOI E.D. MAC CLIAḂAIR, MAIĠISTIR EALAḊNA.

Cloisim liúġ ḋian-ġuḃaċ óṁaċ,
Liúġ ḟad-ċuṁaċ ṫúirseaċ ḃrónaċ,
Liúġ ṫar triúċ, go ḃfuair ár gcoṁṫaċ
Ionṁain oineaċ bás!

Tá bualaḋ bas ar ṡleasaiḃ Éireann,
Bualaḋ duasaċ truaġ gan téarmonn—
D’imṫiġ uaiṫne uainn le héigean,
Fuair ár gcara bás.

Is balḃ laḃairt lag na Gaeḋilge;
Ċaill sí cungnaṁ fionn na féile;
Do leagaḋ luam searc-ḃuan a cléiḃe,
Fuair a cara bás.

Do creaċaḋ teanga ṡáiṁ ár dtíre,
Creaċaḋ í faraoir do ríriḃ,
Tá sí fann ó lann geur niṁneaċ,
Fuair a cara bás.

Cad déarfad féin? mo leun na tuara!
Táim gan ġaois, go díṫleaċ suaraċ,
Ní’l rinn am’ rann, mo ġreann do fuadaḋ—
Fuair mo ċara bás.

A ċara ċaoiṁ ḋeiġ-ġníṁ MicCliaḃair
Nár ḃus doċt ná droċt ná diaṁair
D’ionad aċt i ḃfoċair liaiġ-ḟir
Neiṁe—bruiġean gan bás.

Corcaċ, deireaḋ na Saṁna, 1894.

[Ní ṫáinig linn an duan so do ċur fá ċló an ṁí se do ġaḃ ṫarainn.]