Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 1/Uimhir 1/Go mairidh na Gaedhil

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar I, Uimh. 1
Go mairidh na Gaedhil
[ 11 ]

GO MAIRIDH NA GAEDHIL!

Go mairidh na Gaedhil a’s a g-caoin-chaint
cheoil!
Go mairid le saoghaltaibh i d-treise ’s i
d-treoir,
Nach taithneamh libh an sceul, nach grádh
libh an glór—
“Anois tá na Gaedhil in Eirinn beo!”

Ní fíor go bh-fuil an ti’r no an teanga dul a
bh-feogh’
Ní fíor go bh-fuil ár meanmain caithte go
fóill,
Cia seal dúinn faoi scamall ’s le tamall faoi
cheo,
Tá Gaedhil agus Gaedhilig in Eirinn fós.

Och is sámh linn na sceula, is grádh linn
an glór,
Go bh-fuil sean-teanga Eireann ag éirghe
in onóir,
Biodh an guidhe in ár g-croidhe anois a’s
le n-ár ló,

Nár raibh Eire gan Gaedhealaibh, gan
Gaedhilig go deo!

Go mairidh na Gaedhil! a startha ’gus a
sceoil,
A ngean as a ngreann, a g-cluichthe ’gus
a g-ceol,
Má’s mian linne féin, má’s dúinn croidhe
na d-treon,
Béidh na Gaedhil as an Ghaedhilig faoi
fhírmheas fós.

Mar le cluasaibh ’s le croidhthibh na nGall
fad ó
Ba bhinne ár nGaedhilig a’s do b’fheárr ná
ceol,
Ag sliocht na nGall g-ceudna ta andiu
grádh mór
Air ár d-teangain, sin ár g-ceangal, ó’s
le h-Eirinn dóibh.

Gaill agus Gaedhil in aon ghrádh teo,
Acht Gaedhil-fhir go léir ins an aon
chaint bheo,
Do Dhia na bh-flathas biodh seacht míle
glóir
Tá caithréim agus clú i n-dán dúinn fós.

Go mairidh na Gaedhil ’s a bh-fuil i ngrádh
leo!
Sonas agus seun ortha, aosda a’s óg,
Suaimhneas a’s síodh aca d’oidhche a’s do
ló—
Mar sin go raibh se linn in ár d-tír go
deo!

LEATH CHUINN.

Oidhche Shamhna, 1882.