Irish Minstrelsy Vol 2/Uaill-chumhaidh Sheagháin Chláraich

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2
Uaill-chumhaidh Sheagháin Chláraich
[ 70 ]

UAILL-CHUMHAIDH SHEAGHAIN CHLARAICH.


Bídhim-se buan air buaidhirt gach ló,
Ag caoídh go cruaidh ’s ag tuar na n-deór,
Mar díbreadh uaim an buachaill beódh,
’S nach ríomhthar tuairisg uaidh, mo bhrón!
’S é mo laoch, mo ghile mear,
’S é mo Chaésar toghadh na bh-fear;
Ní bh-fuaras féin aén t-suan air séun
O d’imthigh a g-céin mo ghile mear.

Ní h-aoíbhinn cuach budh shuairc air nóin,
Táid fír-chínn uaisle air uaigh an spóirt,
Táid saoíthe suadh a m-buaidhirt ’s a m-brón
O díbreadh uaínn an buachaill beódh.
’Sé mo laoch, &c.


[ 72 ]

Ni’l séis go suairc air chruadh-chruit ceóil,
Tá’n éigsí a ngruaim ’s gan uaim na m-beól,
Táid béithe buan air buaidhirt gach ló
O díbhreadh uainn an buachaill beódh.
’S é ma laoch, &c.

Ní’r éirghidh Phoébus féin mar is cóir,
’S air a chaoín-chneas réidh tá daél-bhrat bróin,
Tá saébh air spéir a’s spéirling mhór,
Faoí choíllte a g-céin mar d’éaloigh an leóghan.
’S é mo laoch, &c.

An marcach uasal, uaibhreach, óg,
Croídhe gan ghruaim is suairce snódh
Crobhaire luaimneach, luath a ngleóidh
Ag treasfradh sluagh ’s ag ruagadh treón.
’S é mo laoch, &c.

Ba ghlas a shúil mhear, mhúirneach, mhódh’ail,
Mar leagann drúchda air chiúmhais an róis;
Mars a’s Ciúsid go dlúith a g-cómhar,
A b-pearsainn úir ’s a n-gnúis mo stór.
’S é mo laoch, &c.


[ 74 ]

Is cas a chúl ’s is cúrsach cóir,
Is dlaoídheach, dlúith, ’s is búclach bórr,
Is péucach, fionn, air lonnraidh an óir,
O bhathas úr go cúm mo stór,
’S é mo laoch, etc.

Is cos’mhuil é le Aengus óg,
Le Lúghaidh mheic Céin na m-béimeann mór,
Le curadhaibh árda mheic Dáire an óir,
Taoíseach Eirean tréun air tóir,
’S é mo laoch, etc.

Le Connall Ceárnach do bheárnadh pórt,
Le Feargus fiúdhantach, fionn †mheic Róigh,
Le conchubhar cáidh mheic Náis na nós,
Taoíseach aoíbhinn chraoíbhe an cheóil,
’S é mo laoch, etc.

Ní’r labhair an chuach go suairc um nóin,
’S ní bínn guth gadhar a g-coílltibh cnódh,
Air maidin samhraidh a ngleanntaibh ceóidh,
O d’imthigh uainn an buachaill beódh.
’S é mo laoch, etc.


[ 76 ]

Ní inneósad féin cia h-é mo sdór,
Beidh ínnsin scéil tar éis go leór;
Acht guídhim-si aén-mhac Dé na g-cómhacht
Go bh-fillidh mo laoch gan bhaégal beódh,
’S é mo laoch mo ghile mear!
’S é cuis mo léin mo ghile mear!
Monuar go h-éug ’smo ruathar léin,
Mar do ruaigeadh a g-céin mo ghile mear!