Irish Minstrelsy Vol 2/Seaghan O'Duibhir an Ghleanna

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2
Seaghan O’Duibhir an Ghleanna
[ 86 ]

SEAGHAN O’DUIBHIR AN GHLEANNA.


Air m’eirghidh dhamh air maidin,
Grian an t-samhra ag taithneadh,
Chualaidh mé an uaill d’á casadh
Agus ceól bínn na n-éan,
Broic a’s míolta gearra,
Creabhair na n-gob bh-fada,
Fuaim ag an macalla,
A’s lámhach gunnaídhe tréun;
An sionnach ruaidh air an g-carraig,
Míle liúgh ag marcaich,
A’s bean go dúbhach ’s an m-bealach
Ag áireamh a cuid géidh;
’Nois tá an choíll d’á gearradh,
Triallfaid súd tar callaith
’S á Sheághain uí Dhuíbhir an Ghleanna,
Tá tú gan game.


[ 88 ]

’S é sin m’uaigneas fada,
Scáth mo chluas d’á ghearradh,
An ghaoth ad-tuaith a’m leathadh,
Agus an bás ann san spéir,
Mo ghabhairín suairc d’á cheangal,
Gan cead lúithe ’ná aisdígheacht’,
Do bhainfeadh gruaim de’n leanbh,
A meádhon ghíl an laé;—
Croídhe na h-uaisle air an g-carraig,
Go ceáthfrach, buacach beannach,
Dothiocfadh suas air aiteann,
Go lá dheire an t-saoghail,
’S dá bh-faghainn-si suaimhneas tamall,
O dhaoínibh uaisle an bhaile,
Do Thriallfainn féin air Ghaillibh,
A’s d’fhágfainn an sgléip.

Táid fearainn ghleanna an t-srutha,
Gan ceann ná teann air luchdaibh,
A sráid ná a g-cuach ní h-óltar,
A sláinte ná a saoghal,

[ 90 ]

Mo loma luain! gan fasgath
O Chluain go stuaic-na-g-Colam,
’S an gearrfhiadh air bhruach an rosa,
Air fán le na raé,
Cad í an ruaig so air Ghallaibh,
Bualadh, buain a’s cartadh,
An smóilín bhínn ’s an lon,
Gan sár-ghuth air ghéig;
’S gur mór an tuar chum cogaidh,
Cléir go buaidheartha a’s poball.
Dá seóladh a g-cuantaibh loma,
Ann lár ghleanna an t-sleibh’.

’S é mo chreach mhaidne!
Nach bh-fuair mé bás gan pheacadh,
Sula bh-fuair mé sgannaill
Fá mo chuid féin!
’S a liadhacht lá breágh fada,
D-tig úbhla cúmhra air chrannaibh,
Duilleabhar air an n-dair,
Agus drúchd air an bh-féur;