Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
86
IRISH MINSTRELSY.

SEAGHAN O’DUIBHIR AN GHLEANNA.


Air m’eirghidh dhamh air maidin,
Grian an t-samhra ag taithneadh,
Chualaidh mé an uaill d’á casadh
Agus ceól bínn na n-éan,
Broic a’s míolta gearra,
Creabhair na n-gob bh-fada,
Fuaim ag an macalla,
A’s lámhach gunnaídhe tréun;
An sionnach ruaidh air an g-carraig,
Míle liúgh ag marcaich,
A’s bean go dúbhach ’s an m-bealach
Ag áireamh a cuid géidh;
’Nois tá an choíll d’á gearradh,
Triallfaid súd tar callaith
’S á Sheághain uí Dhuíbhir an Ghleanna,
Tá tú gan game.