DEIRE LE BÁID AGUS LE hATH-MHÁIGHISTRÍ
Na báid sa Daingean againn, gabháil déanta ortha i ngeall ar chíos, iad do lobhadh i ngabhainn gan fuascailt, púnt an bhó mar chíos feasta, an pháirc gharbh, m’athair agus mo mháthair caillte.
Timcheall trí bliana tar éis na mbád a thabhairt ó Dhairbhre thugamair linn go Daingean Uí Chúise iad araon lán de gach sórt do bhí againn chun an phúint a dhéanamh—olann, muca, caoirigh, iasc, ⁊rl. Do bhí a lán bailithe isteach ionnta, sé feara déag ’á leanúint, cóir bhinn againn thríd an mbágh soir nó gur shroicheamair cé agus calath an Daingin. Do cuireadh na báid ar sábháil agus do díoladh gach ní do bhí aca agus do bhí an oidhche le caitheamh insa bhaile mhór againn.
Má bhí oidhche shúgach againn an oidhche sin do bhí eadartha brónach lár-na-mháireach againn; mar, ar dhul go dtí sna báid dúinn, do bhí fearaibh d’ár malairt ceangailte asta ná leigfeadh dúinn baint leo—póilíní do fuair teideal gan na báid a leigeant linn. Órdú ó’n lucht cíosa dob’ eadh é agus ó’n uair ná raibh an cíos againn d’á dhíol ar aon chuma eile gur beag an baoghal ná go mbeadh sé díolta ar an láthair, dar ndóigh, toisc ár mbáid is ár mbóthar do bheith stopaithe orainn, agus ár slí bheathadh.
Ní raibh aon tseodh insa Daingean ach muinntir an Bhlascaeid a bheith teanntaithe insa bhaile mór. Tháinig mór-chuid ó’n dtuaith fé dhéin an iongantais agus breac-chara agus beagán airgid ’n-a phóca aige chun lámhaidheacht do thabhairt le h-iad d’fhuascailt.
[ 182 ]Do bhí cíos an oileáin go léir le díol as na báid sara mbeadh aon dul ar iad d’fhuascailt, siúd is go raibh cuid mhaith san Oileán ná raibh aon bhaint leis na báid aca. Tháinig beirt ó’n dtuaith chugham féin ag tarrac airgid dom chun mo chion de sna báid d’fhuascailt ach do ghabhas buidheachas leo agus níor ghlacas é mar nár bhraitheas aon intinn aca ar iad d’fhuascailt fós, pé scéal é.
Do bhíomair síos, suas ins na sráideanna agus breac-shiopadóir maith ag tarrac airgid dúinn má bhíomair chun díol asta; ach níor ghlac aon duine againn é. Dubhramair dá mbeadh an fhuascailt ar siubhal go dtiocfaimís fé n-a ndéin arís; agus do bhí oidhche eile i nDaingean Uí Chúise againn.
Ar maidin lár-na-mháireach do bhí sí go dubhach brónach againn gan bogadh ná sádh ar ár gceasnaí ach oiread leis an lá roimis sin. Do chaitheamair go meán lae ann. Annsan do bhí deire na foidhne caithte agus do ghluais an sé feara déag againn amach as an mbaile mór le corp feirge ag fógairt a raibh de sna h-ath-mháighistrí agus de thighearnaí ins na diabhlaibh dubha. Do shroicheamair Dúnchaoin, cuid againn a fuair marcaidheacht agus an chuid ba mhó ’á shiubhal. Do bhí orainn capall d’fhagháil chun pé earraí bhí ceannaithe againn a thabhairt aníos. Do bhí beagán airgid caithte leis an dturus againn ach b’éigean dúinn leór do ghabháil leis agus bheith ag leanúint d’ár dtreoir nó gur bhaineamair amach an tír fhágamair.
Do bhíomair gan aon bhád mór annsan; ná ó shin, go dtí an lá atá indiu ann, ach naomhóga amháin.
Do chuaidh lucht an chíosa le buile mar, tar éis na mbád do reic dóibh, ní raibh fear a gceannaithe le fagháil a thabharfadh púnt ortha araon agus dob’ éigean dóibh iad a chur isteach i ngort nó gur ith na míola críona iad, gan réal ná pinginn ó shin d’á mbarr.
Do bhris san misneach na mbáilí agus na mbailitheórí riamh ó shin i dtaobh an Oileáin. De dheascaibh nár shroich aon [ 183 ]ní as na báid an uair sin iad do chuaidh an scéal i bhfad sara raibh aon chíos ’á éileamh chuige orainn; gurbh é críoch agus deire na mbeart é gurbh’ fhuirist é chóimhreamh gach ar dhíolamair de chíos riamh ó shin.
Dob’ éigean dúinn cur ar na naomhóga annsan agus gach a raibh ’ár gcumas de sheilg fairrge do bhaint asta de ló agus d’oidhche, gleamaigh sa ló ó Bhealtaine go Lughnasa, agus mairciréil san oidhche—gach oidhche do bheadh breagh agus an t-iasc ann.
Chaitheamair beagán blianta mar sin agus stróinséir sa mbreis ag teacht ag lorg an éisc gach bliain nó go raibh chúig chúmplacht insa deire ag lorg, agus glaodhach ar na mairciréil comh maith; agus má bhíodh brácadh agus mór-obair féin chun teacht suas leis an sórt so seilge ní raibh ganntar ná gorta ag baint leis an méid do bhí ceangailte insa chéird. Dá mbeimís comh ceanúil ar an bpúnt an uair úd agus táimíd le blianta anuas ní bheadh an dealbhas beirthe comh luath san orainn im’ thuairim.
Níorbh’ fhada ’n-a dhiaidh sin gur athruigh an saoghal agus níorbh’ ar aon chuma amháin é. Dob’ éigean do’n ath-mháighistir an talamh a thabhairt suas agus tamall ’n-a dhiaidh sin do ghluais fear go dtí an Blascaod agus fear ó’n Iarla féin dob’ eadh é.
Do bhí dhá phúnt ar an mboin san am úd, sé sin cheithre fichid púnt, ar an oileán ar fad, cíosa agus do chruinnigh an fear so na h-oileánaigh le chéile chun a thuiscint eatartha féin cad ba dhóigh leo bheadh ’n-a gcumas a dhíol as agus gurbh’ é sin bun a ghnótha féin go dtí iad.
Tar éis tamall maith a thabhairt ag machtnamh dóibh do labhair réic aca insa deire agus dubhairt: “M’anam ó’n ndiabhal má b’fhiú liom ramhan do chur i dtalamh ann maran mbeadh púnt a’ bhó ’á leanúint!” Maran raibh gáirí ar siubhal fé ghlór na réice ní lá fós é, fiú amháin an duine uasal féin.
[ 184 ]Do tuigeadh do’n réic bhocht go mbeadh sé i bhFlaithis Dé dá mbeadh a chuid talmhan ar an bpúnt aige agus go raibh chúig phúint an bhó age n-’athair roimis ’á dhíol; agus gur minic gurbh’ éigean dóibh cuid ba mhó ná na chúig phúint a dhíol, mar thugadh na cuirbthigh gach lá an stoc leo ó pé duine go mbeadh sé le fagháil aige toisc go mbídís siúd beag beann ar an ndlí féin, an uair úd, agus daoine bochta dalla ag pléidhe leo.
Pé rud do lean an talamh ’n-a dhiaidh súd bhí compórd éigin sa scéal. Do bhí deire le báilí agus le hain-dlí as san amach. Gach uair do bheadh do chíos díolta ní bheadh aon éileamh thar n-ais air nó go mbeadh an t-am ceart arís ann.
Do chaitheamair sealad maith ag cur dínn mar sin agus na h-oileánaigh lán tsásta leis an dlí do bhí ar siubhal, cé go raibh breac-phiac ’á thabhairt fé’n réic a cheap an púnt an bhó air, mar dar leo go mbeadh sé le fagháil ar deich scillinge comh maith. Pé scéal é níor bhraitheadar cad a bhí ar aon rud san am san de’n tsaoghal an fhaid is do bhí deich scillinge ar dhosaon gliomach agus púnt ar chéad mairciréal; iad san le fagháil go h-iomadúil agus glaodhach maith ortha. Is cuimhin liom bád umair ó Shasanna a theacht turus agus trí chéad púnt d’ór bhuidhe ar bórd aige agus thug scilling ar gach breac an lá san agus níor sheasaimh na trí chéad chun díol as an iasc.
Deir na daoine go mbíonn an roth ag casadh do shíor agus is fíor an port é mar is mó casadh déanta aici, insa pháirt seo de’n tsaoghal, go bhfuilim-se gabhtha tríd; agus má bhí crothadh beag ar an saoghal timcheall na mBlascaod an tamall úd, agus gur thug Dia an sórt san rachmais dúinn, is dóigh liom nár fhéachamair go ceart chuige mar gach ní a shroichimíd bog is go bog a leigimíd uainn é.
Ar mhachtnamh dom sa mbliain áirithe seo, 1888, do bhí páirc bheag de thalamh gharbh ar uachtar na talmhan agam agus [ 185 ]do dheineas beartú ar í bhriseadh amach mar do bhí sí ró-sheannda agus í neamh-thairbheach mar bhí sí agus as an bhfuadar a bhí fúm do chuireas romham a leath a bhriseadh insa mbliain sin agus an leath eile an bhliain do bhí chugham.
Is minic do deineadh machtnamh ná raibh ar fónamh do dhuine, cé go mbíonn, uaireannta eile, nach mar sin a bhíonn. Ní raibh an machtnamh so do dheineas-sa le moladh mar ba mhór an brácadh do lean me agus ba bheag é toradh mo shaothair. Dob’ éigean dom m’aghaidh a thabhairt fé’n dtráigh chun leasú a thabhairt liom, sean-asal dubh agam agus gach ualach ar an bhfear bocht míle go leith de shlí agus gach coiscéim do shíor i gcoinnibh an chnuic.
Seadh, is minic a thairrig duine gnó air féin agus nárbh’ fhada do bheadh sé idir lámha aige san am go mbeadh sé dóthanach de agus go fíor dob shin ionbhadh agam-sa é. Níor ró fhada go rabhas cortha dem’ ghnó; go mór mór, mar go raibh an sean-asal dubh ag teip orm.
Fé dheire do chuireas leath an ghuirt bhig fé phrátaí. Agus i n-am a gcurtha bhí m’athair go feirmeálta agus é i n-aois a dheich mbliana agus trí fichid ach go raibh sé beagán cromtha. Pé scéal é thugadh sé turus go dtí an gort so gach lá, cé gur ag dul chun meathteacht agus chun moille bhí sé gach lá.
Ní ró fhada go raibh sé ag tabhairt suas gan dul ’on ghort chuige cé go raibh fonn mór ar dtúis air. Ceann de sna laetheannta, an uair do cheapas gur sa ghort do bhí sé, ar chur mo chinn amach dom ní raibh pioc de le feiscint innti agus dob’ ait liom san. Do chuireas ceist ar gharsún do ghaibh thar brághaid ’n-a thaobh agus dubhairt seisean liom go raibh sé i dtigh Cháit, dob’ ’in inghean do; agus is ann do bhí sé go cruinn romham-sa.
“A athair,” arsa mise leis, “nár cheapas gur sa pháirc bhig do bhís ó chaithis biadh ar maidin.”
“Níl aon fhonn orm ann,” ar seisean.
“Ach do bhí fonn mór ar dtúis ort.”
[ 186 ]“Do bhí ach níl anois. Ní fheicfead-sa aon phráta fásta insa pháirc sin.”
Is mó rud ná cuireann duine suim ann nó go mbíonn sé déanach; agus tar éis dom athair a bheith curtha i dtalamh iseadh do bhí an léan orainn nár chuir ceist air, an b’amhlaidh a chonnaic sé nó a chualaidh sé aon rud timcheall uirthi ar a thurus do innti. Gan dabhat do thuit ní éigin aca amach air tráth is gur chuir sé dát a shaoghail leis féin.
Do bhí m’athair san uaigh sara raibh na prátaí ar barra. D’fhág san a thuille de bhrácadh an tsaoghail ar Thomás bocht agus níorbh’ é deire an bhráctha agam é ach oiread.
Timcheall na Bealtaine do bhí mairciréil le fagháil sa mbliain sin agus deineadh pingní maithe dhíobh. Do bhí cúig phúint spártha agam tar éis aon tseachtain amháin. D’éag m’athair annsan agus b’éigean dom breith ar mo chúig phúint spártha agus comhra do chur air leis. Ní raibh comhra comh daor an uair úd agus tá sí fé láthair. Timcheall deich púint dob’ eadh an tórramh ar fad an uair úd. Deich púint fhichead go minic ó shin.
Tar éis an méid sin do bheith tharm dob’ éigean dom breis oibre bhaint as na cnámha agus tar éis m’annróidh ar shaothar na páirce bige ní raibh lán dhá phaca ar fad innti ach gur bhaineas trí bharra coirce dhi agus dob’ é an barra déanach an ceann dob fhearr aca.
Thugas fé’n dtaobh eile de’n bpáirc bhig an ath-bhliain agus ba mhó go mór an toradh do bhí agam ar an dtaobh san ná as an chéad leath a dheineas a bhriseadh dhi, mar do bhí breis cur amach agam ar cad é an sórt mianaigh a bhí innti agus do dheineas riarú ar an leasú do’n réir sin.
Do bhí deich paca insa leath so agus coirce ar feadh trí mblian, mar d’fhéachas chuige breis de dheascaibh mo shúile do bheith oscailte ó’n dtaobh eile. Rud eile do bhí insa scéal, is mó duine comharsan a thug a bheannacht dom mar do shíninn mo lámh go minic chúcha i n-easnamh síl.
Achar gearra ’n-a dhiaidh sin do chrom mo mháthair ar bheith ag [ 187 ]ceiliúradh chun an tsaoghail seo d’fhágaint agus í insan am san a dó agus cheithre fichid de bhlianta. Ní raibh crampa i gcois ná i láimh léi san aois sin agus í comh deagh-sheasaimh agus bhíodh sí i laetheanntaibh a h-óige. Ní raibh sí i bhfad ar seachrán ar a bheith breóite dhi agus níorbh’ fhearra dhi ar domhan é, is dócha; agus ní raibh comhthrom agam-sa ar aire thabhairt di an uair úd le greithleán an tsaoghail. Ceann de sna h-oidhcheannta bhí sí an-olc, agus me chun fanúint suas léi, cé bhuailfeadh chugham isteach ná m’úncail Diarmaid agus dubhairt láithreach le gach nduine dul a chodla agus gurbh’ é féin an fear a thabharfadh aire do’n mnaoi bhreóite go maidean.
Sara raibh breacadh an lae ann do bhí glaoidhte aige “go raibh sí seo ar a’ dtaobh thall.” Do dheineas-sa me féin a ghléasadh agus m’aghaidh a thabhairt ar Dhaingean Uí Chúise d’iarraidh gléas tórraimh. D’fhan an aimsir go breagh nó gur shroich mo mháthair a teampall dúthchais i bhFionntráigh—bóthar fada ó’n mBlascaod mór, idir fhairrge agus thalamh, agus cé go raibh sochraid mhaith ann, cartacha agus capaill cuid mhaith, is ar ghuaille daoine a chuaidh sí go dtí an roilig.
Sin críoch leis an mbeirt do chuir sioladh na teangan so im’ chluasa an chéad lá. Beannacht Dé le n-a n-anam.