Do tuigeadh do’n réic bhocht go mbeadh sé i bhFlaithis Dé dá mbeadh a chuid talmhan ar an bpúnt aige agus go raibh chúig phúint an bhó age n-’athair roimis ’á dhíol; agus gur minic gurbh’ éigean dóibh cuid ba mhó ná na chúig phúint a dhíol, mar thugadh na cuirbthigh gach lá an stoc leo ó pé duine go mbeadh sé le fagháil aige toisc go mbídís siúd beag beann ar an ndlí féin, an uair úd, agus daoine bochta dalla ag pléidhe leo.
Pé rud do lean an talamh ’n-a dhiaidh súd bhí compórd éigin sa scéal. Do bhí deire le báilí agus le hain-dlí as san amach. Gach uair do bheadh do chíos díolta ní bheadh aon éileamh thar n-ais air nó go mbeadh an t-am ceart arís ann.
Do chaitheamair sealad maith ag cur dínn mar sin agus na h-oileánaigh lán tsásta leis an dlí do bhí ar siubhal, cé go raibh breac-phiac ’á thabhairt fé’n réic a cheap an púnt an bhó air, mar dar leo go mbeadh sé le fagháil ar deich scillinge comh maith. Pé scéal é níor bhraitheadar cad a bhí ar aon rud san am san de’n tsaoghal an fhaid is do bhí deich scillinge ar dhosaon gliomach agus púnt ar chéad mairciréal; iad san le fagháil go h-iomadúil agus glaodhach maith ortha. Is cuimhin liom bád umair ó Shasanna a theacht turus agus trí chéad púnt d’ór bhuidhe ar bórd aige agus thug scilling ar gach breac an lá san agus níor sheasaimh na trí chéad chun díol as an iasc.
Deir na daoine go mbíonn an roth ag casadh do shíor agus is fíor an port é mar is mó casadh déanta aici, insa pháirt seo de’n tsaoghal, go bhfuilim-se gabhtha tríd; agus má bhí crothadh beag ar an saoghal timcheall na mBlascaod an tamall úd, agus gur thug Dia an sórt san rachmais dúinn, is dóigh liom nár fhéachamair go ceart chuige mar gach ní a shroichimíd bog is go bog a leigimíd uainn é.
Ar mhachtnamh dom sa mbliain áirithe seo, 1888, do bhí páirc bheag de thalamh gharbh ar uachtar na talmhan agam agus