An t-Oileánach/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Lá na róinte
[ 108 ]
XII
LÁ NA RÓINTE

Clochán na móna, an gadhar i bpoll, poll na rón, beirt ar théid, fear gan snámh, ocht róinte marbh, an tarrac sa pholl, m’úncail d’á bhádhadh.

Do bhí an mhóin bainte agam anois agus me scoth-shásta ach go raibh a lán fós le déanamh léi an uair a bheadh sí tirm; agus do bhí tosach an tiormaigh ’á teasbáint féin cheana. Sé rud a chuireas ar bun annsan ná dul lá eile agus clochán breagh d’fheistiú chun ná beadh agam ach an mhóin a chaitheamh isteach ann nuair a bheadh sí tirm, mar ba mhoill lá eile é.

Do bhí an lá bheartuigheas chuige scuabach garbh tirm agus é oiriúnach go maith chun an ghnótha a chuireas romham agus b’eo liom an cnoc amach. Nuair a shroicheas chun cinn do chaitheas díom anuas go dtí an léine mar do bhí fothain mhaith insa lonntán go raibh an gnó agam le déanamh.

Do chuas ceangailte isteach i múchán nár bogadh le dachad nó trí fichid bliain roimis sin agus chromas ar bheith ’á réidhteach; agus ag ceapadh an chlocháin nua an uair a bhí tréimhse mhaith ar saothar agam ann. Do bhí coileán madra i n-éineacht liom agus níor bhraitheas faic nó go raibh sé gabhtha idir mo dhá chois agus é rithte siar fé chab lice go raibh cabha mór amach uirthi agus í folamh fúithe siar. Do chuaidh mo choileán comh fada siar fé’n lic ná raibh blúire agam le feiscint de.

[ 109 ]Seadh, bhí mo choileán deas scartha liom agus ba choileán deas féin é. Ainm deagh-cháiliúil air agus sinn dulta go dtí Fianna Éireann chun í sholáthar do. Oscar a thugaimís air. Do bhí saothar an lae i leath-taoibh ag an gcoileán orm agus do bhain sé óm’ threóir agus ó’n bhfuadar a bhí fúm gan ró mhoill. Do chromas ar ísliú síos agus ar ghliúcaidheacht isteach fé chab na lice agus timcheall órlach de bharra ’eirbaill do bhí le feiscint agam. Do chromas ar ghlaodhach air ach níor mhór an mhaith dhom agus do thuigeas gur i ngreim a bhí sé. Bhí an scéal go h-ait annsan agam. Ní raibh an clochán nua déanta agam. Do bhí mo choileán ar iarraidh uaim agus do bhí eagla roime m’athair agam, mar gurbh’ é a thug ó Dhaingean Uí Chúise é agus é ar a dhrom i gcléibh hocht míle slí. Do bhí dubhán mór iascaigh im’ póca, agus córda maith, agus do cheanglas d’fheac na raimhne é agus chuireas siar ’on pholl é comh fada agus d’fhéadas. Ráinig leis an ndubhán dul i ngreim sa choileán i n-árd a thóna. Thairrigíos chugham é agus do ghluais liom go réidh agus seibineach de choinín ’n-a bhéal aige. Do bhí an coinín marbh agus an lámhóid tosaigh ithte aige agus an uair a bhaineas as a bhéal é do thug aon léim amháin agus do chuaidh ’on pholl céadna agus ar fhéachaint ’n-a dhiaidh dom ní raibh blúire le feiscint de. Ní rabhas istigh liom féin. Do chuaidh díom é bhaint arís as an bpoll agus i ndeire an tráthnóna thiar b’éigean dom gluaiseacht abhaile go mí-chéadfhach.

Ar shroichstint an tighe dhom ní rabhas ró shultmhar agus do chuireas tharm an coinín ar crochadh. Do bhí an biadh ullamh gan dabht agus do chuas go dtí an bórd. “Is dócha,” arsa mo mháthair, “gurbh é an coileán a rug ar an gcoinín duit.”

“Is é,” arsa mise, “agus tá sé féin i ngeall leis.”

“Conus san?” ar sise. “An b’amhlaidh a chuaidh sé le faill?”

D’innseas di mar bhí ó thosach deire, conus mar thugas liom leis an dubhán é agus mar do rop sé siar fé’n bpoll [ 110 ]aríst é féin gan mhoill, “i n-áit go bhfanfaidh sé go deo,” arsa mise léi.

“Ná bac san do,” ar sise.

Ní raibh smig as béal m’athar ar feadh an méid sin cainnte agus do cheapas gur ag bailiú lóin dom do bhí sé agus nár bheag dom a luaithe a chloisfinn ag cainnt é; mar do cheapas go dtuigfeadh sé gur lem’ shuaraidheacht féin d’imigh an coileán uaim.

Is minic nach mar thuigeann duine do chách do bhíonn sé; agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa lem’ athair é, mar an uair a labhair sé do bhí fuaimeant le n-a chainnt.

“Is dócha,” ar seisean, “ná raghadh Oscar siar ’on pholl thar n-ais mara mbeadh gur bhraith sé coinín eile ann, agus b’fhéidir dhá cheann, agus trí cinn.”

Níl aon abairt age clann le clos is compórdaighe dhóibh ná athair agus máthair mhaith agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa é mar d’á mhéid dul trí ’chéile bhí orm-sa ag fágaint an chnuic dom is roimis an mbeirt do bhí an chuid ba mhó dhe orm; ach is amhlaidh a chrothadar díom a raibh orm de agus d’fhan an scéal mar sin go dtí amáireach.

Pé maidean do ghlac suan me níorbh í an mhaidean amáireach í toisc machtnamh an choileáin a bheith im’ cheann. Dá dheascaibh sin do bhíos im’ shuidhe ar bhreacadh an lae. D’itheas cúpla greim agus cúpla cnagaire bainne. Do bhraith mo mháthair me agus do chuir ceist orm cá rabhas ag dul comh moch; gur cóir go raibh an lá fada agam, “agus a’ bhficeann tú t’athair timcheall?” ar sise.

“Ní fhicim,” arsa mise.

“Tá tamall ó fhág sé an leabaidh agus is dócha gur chun an chnuic a thug sé ’aghaidh,” ar sise.

Do chreideas an scéal go maith agus an uair a bhíos ullamh do chuireas díom ’n-a dhiaidh. Níor stadas de’n ráib sin nó gur bhaineas amach an lonntán go raibh an obair ar siubhal agam. Sé an chéad rud a chonnac ag teacht fém’ dhéin ná Oscar agus níorbh’ fhada gur bhain amach me agus ba dhóigh [ 111 ]leat go raibh leath-bhliain ó chonnaic sé me. Do bhí m’athair ag an lic agus é tar éis Oscar d’fhuascailt agus chúig cinn de choiníní móra groidhe aige—iad bainte as an bpoll aige i n-éineacht leis an gcoileán.

Ba ghlioca m’athair ná mise go mór mar do dhein sé fábaire age bun na cloiche mar ar dhóigh leis tón an phoill do bheith agus an uair a chuir sé isteach a lámh do bhuail coinín leis agus dhá cheann nó go raibh na chúig cinn aige ba bhreaghtha baineadh as aon pholl riamh. Do bhuail ar a dhrom chuige iad agus d’imigh leis chun an tighe. Do dheineas-sa an clochán nua.


Do cheapas go mbéadh sánas agam nuair do bhí an mhóin bainte, agus an clochán réidh chun í chaitheamh isteach ann, nuair do bhéadh sí trim, ach ní h-amhlaidh do bhí, a mhic ó. Fear ana-mhaith do b’eadh m’athair riamh, as ’óige agus eile; agus is minic adeireadh sé ná raibh aon chríoch riamh ar an té do bhéadh ar shlait a dhroma sa leabaidh agus an ghrian go soillseach ar an spéir, agus fós gur dhroich-ní dho’n tsláinte é.

Seadh, pé rud adubhairt sé riamh, do chuireas rómham an mhaidean so sráice ’á bhreis do bhaint amach, nó go mbéadh gnó eile ar oscailt agam. Níorbh’ fhada gur bhraitheas gáir. Labhair an fear ar an dteinteán, agus d’fhiafruigh an raibh Tomás ’n-a dhúiseacht. Dubhairt mo mháthair leis ná raibh.

“Canathaobh?” ar sise.

“Tá an bád ag dul ag triall ar róinte,” ar seisean.

Úncail dam do b’eadh an té labhair, dreatháir dom’ mháthair. Do cheapas gur bh’é m’athair ar dtúis do labhair, ach níorbh é, mar is siar chun na trágha do bhí sé.

Do phreabas im’ shuidhe agus nuair do bhí greim caithte agam, do bhuaileas greim eile im’ póca agus do thugas m’aghaidh ar an mbád. Do bhí gach fear eile ullamh rómham agus fearaistí oiriúnach aca chun na róinte do bhaint [ 112 ]d’á dtreóir: téada chun iad do tharrac amach as an bpoll nuair do bheidís marbh, maide mór láidir go mbíodh ceann reamhar amuich air agus níor mhór san chun iad-súd do threascairt. Insa tsiubhal linn an caladh amach.

Bhí bád eile imithe ó mhoch-óirghe na maidine, ach gur fé sna Blascaeid bheaga do thugadar-san a n-aghaidh. Inis Mhicileáin do bhaineadar amach, áit nótálta chun róinte do bheith i bpuill ann, mar tá na puill innti go flúirseach. Aimsir chiúin nár mhór duit, agus tráigh bhreagh rabharta. Seadh, do shíneamair amach na cheithre mhaide “righne bhínne bhuana bhána bhais-leathna,” gotha do bhíodh ar churracháin na Féinne go minic sa tsean-aimsir, agus níor stadamair de’n ruathar reatha san nó gur shroicheamair béal an phuill go raibh beartuithe againn air.

Is insa cheann thiar de’n oileán mór do bhí an poll san. Poll cúntúrthach do b’eadh é, tarrac do shíor ’n-a thimcheall, tamall maith de shnámh ann agus an snámh le déanamh ar do chliathán, mar níl insa scoilt puill atá ann ach slí an róin go beacht. Nuair do stad an bád age béal an phuill, do bhí súghrac mór tarraic ann. Go minic, do líonfadh béal an phuill ar fad insa tslí go gcuirfeá do shúil go bráth de’n duine do bheadh ar an dtaobh istigh de, agus d’fhág san ar bheagán cainnt a raibh insa bhád againn. Ní raibh d’óig-fhir innti ach mise agus buachaill eile, mar ní raibh ár leithéidí oilte a ndóithin ar an sórt so gnótha, ach fearaibh fásta, scoth-aosta.

Do labhair captaen an bháid, agus dubhairt: “Cad do thug annso sinn, nó an bhfuil aenne toilteannach le tabhairt fé’n bpoll?”

Isé m’úncail d’fhreagair é. “Raghad-sa isteach,” ar seisean, “má bhíonn fear eile i n-éineacht liom.”

D’fhreagair fear eile do bhí insa bhád é. “Bead-sa i n-éineacht leat,” ar seisean. Fear do b’eadh é seo go raibh gádh maith le smut de rón aige, mar do b’é an turaireacht do bhíodh an chuid ba mhó d’á shaoghal aige. [ 113 ]Muirear mór air, agus gan aenne aige ag déanamh cabhartha dho ach é féin.

Do fuair an bheirt réidh iad féin. Do bhí droichead ar bhéal an phuill agus an t-uisge os a chionn agus fé n-a bhun. Do bhí ar bheirt dul ar an ndroichead, chun na beirte eile do leigint isteach. Bhí snámh maith age fear acu, ach ní age m’úncail é. B’eo isteach an snámhaidhe chun tosaigh, ceann na téide ’n-a bhéal aige, an maide marbhaithe fén’ ascaill aige, coinneal agus lasáin ’na chaipín aige agus an caipín ar a cheann. Níorbh’ aon mhaith dul ’on pholl gan solas mar do bhí sé ag dul ró fhada isteach fé thalamh. B’eo isteach m’úncail ’n-a dhiaidh, téad eile ar a chorp féin agus lámh leis i ngreim insa téid a bhí istigh ag an snámhaidhe agus a ceann san i ngreim istigh agus an ceann eile dhi i ngreim insa droichead amuich chun í bheith oiriúnach i gcomhnaidhe.

Me féin agus an fear óg eile a bhí insa bhád do bhí ar an droichead amuich chun na róinte a tharrac amach ó’n mbeirt istigh. Do las an bheirt istigh solas agus ar dhul go tóin an phuill dóibh do bhí cladach róinte ann, beag agus mór, fireann agus baineann. Bainirseach an ainm a bhíonn ar an gceann baineann agus tarbh a tugtar ar an gceann fireann. Bíonn cuid aca nach féidir a mharbhú, bán ná dearg.

Do phropáil an bheirt istigh iad féin chun an ghnímh éachtaigh a bhí rómpa amach. Smachtín ’mhaide age gach nduine aca agus iad ag aimsiú ar phlaosc gach róin aca. Coinneal ar lasadh ar bhollán cloiche aca. Léine phlainín ar chorp gach fir agus í tar éis gabháil thríd an sáile, dar ndóigh.

Nuair a bhí an t-éirleach déanta aca, agus a raibh ann marbh, do bhí calóid eile rómpa mar do bhí cuid mhór de sna róinte ana-throm agus an poll ana-achrannach, bolláin mhóra cloch idir iad agus an t-uisce agus an pasáiste ró fhada. Níl aon teora leis an acmhainn a bhíonn insa duine an uair is gádh dho é agus an gníomh a dhein an bheirt sin ar an gcladach san istigh fé thalamh, le corpaibh marbhú na rón, dob’ obair capaill é. Do chuireadar gach ceann de hocht [ 114 ]cinn go dtí an t-uisce agus san am go raibh san déanta aca do réab an poll le tarrac agus b’éigean do bheirt againn-ne do bhí ar an droichead greamú anáirde ar thaobh an fhalla.

An uair a bhí an rouit sin glan leis tháinig sánas air agus chuir an fear istigh glam as an téad a tharrac amach. Do cheapamair gur duine aca féin do bhí insa téid ach níorbh eadh. Cheithre cinn de róinte móra do bhí ceangailte innti. B’éigean dúinn ceann na téide a chur ’on bhád agus, nuair a bhí na róinte tógaithe ar bórd aca, í chur ’on pholl arís. Is amhlaidh do snaidhmeadh an téad de’n dtéid do bhí i gcomhnaidhe sínte insa pholl agus do labhair an fear a bhí im’ theannta-sa insa droichead de ghuth árd ’á rádh leo í tharrac isteach arís agus dheineadar é go mear tapaidh. Ní raibh ró-mhoill ann gur scairt an fear istigh í tharrac amach arís. Do bhí an tarrac ag dul le buile insan am san.

Ar tharrac na téide dhúinn is amhlaidh a bhí cheithre cinn eile de róinte ceangailte dhi nuair a cheapamair gur duine aca féin do bheadh innti. Do bhí orainn déanamh mar dheineamair cheana agus an téad a scaoileadh isteach arís. Do bhíodh orainn an droichead d’fhágaint go mion minic insan am so le borradh a dheineadh béal an phoill a líonadh.

Sé an snámhaidhe a chuaidh ’on téid ar dtúis chun teacht amach agus leigeant do’n bhfear eile dul sa téid do bhí de ghnáth sa pholl. Thug an snámhaidhe achar fada insa scoilt agus nár fhéad sé an droichead do bhaint amach le méid an tarraic. Do shroich sé insa deire agus an léine phlainín a bhí air ’n-a mhin-ramh. Do ghluais m’úncail, a bhí, mar adubhart cheana, gan aon tsnámh aige, ar an dtéid dheire. Le borradh agus le tuitim agus le súghadh an tarraic insa pholl do bhí sé ag dul dian orainn é tharrac chun an droichid. I lár an scéil istigh do bhris an téad agus do scuab an tonn léi isteach ’on pholl arís é. D’éirigh mo chroidhe orm nuair a chonnac ag dul síos é. Mheasas go raibh sé caillte. Do phreabas de’n droichead isteach fén bpoll. Ráinig ceann na téide briste lem chois fé uisce. Thugas, de dheoin [ 115 ]Dé, m’úncail maith saor ach fuaireamair call-aoth agus greadadh. Do bhí snámh agam an uair úd.

Do bhí an bád mór a bhí againn síos go gunail, cheithre bainirseacha, dhá tharbh agus dhá ath-rón[1] a bhí innte—cheann i dtómas gach nduine againn a bhí insa bhád. Do bhí soitheach lán age gach fear. Do bhí sé déanta amach insan am san go raibh gach soitheach róin comh maith le soitheach muice. Do chuaidh na croicinn hocht bpúint.

Is ait mar bhíonn atharú ag teacht ar an saoghal. Ní chuirfeadh aenne anois aon bhlúire de rón ’n-a bhéal. Deinid siad é leaghadh chun soluis, mar bíonn íle an domhain ann. Rud eile, dá mbronnfá an croiceann ar dhuine uasal ba dhícheall do é bhreith uait. Is fada gur chuir aenne aon fheiste ar cheann aca ach é chaitheamh chun na madraí. Ba chongnamh maith chun maireachtaint insa tsaoghal úd iad idir chroiceann agus iasc agus do bhí paca mine le fagháil ar rón san am úd. Níl aon áit go dtabharfá píosa róin leat ná go bhfaghfá a mheádhchaint de phíosa muicfheola dá mbeadh insa tigh. Níl ’fhios ag aenne cad is maith dhóibh le n-ithe mar na daoine bhí ag caitheamh na neithe seo bhíodar dhá uair níos fearr ná na daoine tá anois ann. Deireadh daoine bochta fé’n dtuaith gur dhóigh leo go mbeadh saoghal an fhiolair aca dá mbeadh biadh daoine aca a bhíodh i nDaingean Uí Chúise. Ach is amhlaidh mar atá an scéal go bhfuil lucht an bhidh mhaith insan uaigh fadó agus lucht na gorta ’n-a steille-bheathaidh fós.

  1. Rón bliana go dtí