Page:An t-oileanach.djvu/123

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
113
An t‑Oileánach

Muirear mór air, agus gan aenne aige ag déanamh cabhartha dho ach é féin.

Do fuair an bheirt réidh iad féin. Do bhí droichead ar bhéal an phuill agus an t‑uisge os a chionn agus fé n‑a bhun. Do bhí ar bheirt dul ar an ndroichead, chun na beirte eile do leigint isteach. Bhí snámh maith age fear acu, ach ní age m’úncail é. B’eo isteach an snámhaidhe chun tosaigh, ceann na téide ’n‑a bhéal aige, an maide marbhaithe fén’ ascaill aige, coinneal agus lasáin ’na chaipín aige agus an caipín ar a cheann. Níorbh’ aon mhaith dul ’on pholl gan solas mar do bhí sé ag dul ró fhada isteach fé thalamh. B’eo isteach m’úncail ’n‑a dhiaidh, téad eile ar a chorp féin agus lámh leis i ngreim insa téid a bhí istigh ag an snámhaidhe agus a ceann san i ngreim istigh agus an ceann eile dhi i ngreim insa droichead amuich chun í bheith oiriúnach i gcomhnaidhe.

Me féin agus an fear óg eile a bhí insa bhád do bhí ar an droichead amuich chun na róinte a tharrac amach ó’n mbeirt istigh. Do las an bheirt istigh solas agus ar dhul go tóin an phuill dóibh do bhí cladach róinte ann, beag agus mór, fireann agus baineann. Bainirseach an ainm a bhíonn ar an gceann baineann agus tarbh a tugtar ar an gceann fireann. Bíonn cuid aca nach féidir a mharbhú, bán ná dearg.

Do phropáil an bheirt istigh iad féin chun an ghnímh éachtaigh a bhí rómpa amach. Smachtín ’mhaide age gach nduine aca agus iad ag aimsiú ar phlaosc gach róin aca. Coinneal ar lasadh ar bhollán cloiche aca. Léine phlainín ar chorp gach fir agus í tar éis gabháil thríd an sáile, dar ndóigh.

Nuair a bhí an t‑éirleach déanta aca, agus a raibh ann marbh, do bhí calóid eile rómpa mar do bhí cuid mhór de sna róinte ana-throm agus an poll ana-achrannach, bolláin mhóra cloch idir iad agus an t‑uisce agus an pasáiste ró fhada. Níl aon teora leis an acmhainn a bhíonn insa duine an uair is gádh dho é agus an gníomh a dhein an bheirt sin ar an gcladach san istigh fé thalamh, le corpaibh marbhú na rón, dob’ obair capaill é. Do chuireadar gach ceann de hocht