An t-Oileánach/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An saoghal ag gluaiseacht
[ 93 ]

X

An saoghal ag gluaiseacht

Inghean na mná béal-dorais, um Inid, scéalta cleamhnais agus póstaí, adhmad raice, an máighistir rinnce, an duine uasal grinn, Ó Duinnshléibhe file.

Lá Domhnaigh tháinig bád isteach ó Dhúnchaoin. Bhí bean uasal innti. N’fheadair aenne ciarbh í féin nó gur tháinig sí ameasc na gcos aca. Cia bheadh ann ná inghean na mná béal-dorais.

Níor stadadh de chrothadh lámh léi nó gur dhóigh leat gur cheart dóibh a bheith scartha ó’n ngualainn. Bhí hata ornáideach uirthi agus cúpla cleite cocálta anáirde as. Slabhra buidhe óir so-fheicsionta ó’n dtaobh amuich d’á cuid éadaigh. Scáth gréine ’n-a láimh. Tuin ar a teangain, pé aca ’n-a Ghaoluinn nó ’n-a Bhéarla an chainnt.

Do bhí cúpla comhra mór lán de gach sórt aici, agus rud dob’ fhearr ná iad go léir, sparán d’ór na Stát aici agus í go seana-chríonna chun a bhailithe.

Níorbh’ fhios ciarbh é searrach na deagh-lárach, dar ndóigh. Ar shon na balcaisí deagh-mhaiseach do bheith uirthi ní raibh istigh ionnta ach an deilbh. Níor mhór an tsruth riamh í agus tar éis di seacht mbliana a thabhairt i dtír an allais ba mhí-chrotúla ná san í. Do lean a lán go dtí an seanntán tighe do bhí aca í. Do bhí buidéal d’uisce beatha aici agus mar ba sheana-mhná is mó do lean í, ní ró fhada go raibh sean-amhráin na Mumhan ar siubhal agus moladh ar an té tháinig agus rud aici chúcha. Do chaitheadar an lá gan biadh ná [ 94 ]beatha mar do bhíodh blaise na beorach age bean an amhráin le fagháil gach uair.

Do bhí an scéal mar sin nó gur tháinig an Inid agus ní raibh puinn di caithte an t‑am go raibh ór an Yank ’á chur ar fógairt. Toisc na caillighe ’á luadhachtaint liom féin agus sinn beag do buaileadh im’ aigne go mb’fhéidir go gcuirfeadh sí an scéal céadna ar bun aríst agus gan iongna ’n‑a thaobh uirthi anois. Dob’ ait sin—bean óir dar ndóigh, mná do bhí tearc go maith insan am úd.

Níor ró fhada gur thug an bhean liath de mháthair di cogar dom mháthair féin ’á chur i dtuisgint di an méid óir do bhí aige Máire, gur amach ar an dtír móir i bpaiste talmhan dob’ fhearr léi féin dul, “agus dob’ fhearr liom-sa im’ chomhgar í agus le n‑a h‑athair,” ar sise, “agus má’s maith libh-se é níl aenne ’á coimeád uaibh,” ar sise arís.

“Dhera, is amhlaidh mar tá san,” arsa mo mháthair léi, “tá an té atá againn-ne óg agus is dócha nach aon mhaith scéal mar sin a tharrac chuige, agus rud eile,” ar sise, “is é mo thuairim ná fuil aon éirim ar an áit seo aige, mar b’fhéidir ná beadh de’n ál annso ach é féin ’s a dhrifiúr. Is dócha mara mbeadh ar mhaithe linn-ne ná beadh sé ann cheana,” ar sise.

“Ar mh’anam mhuise,” arsan bhean liath, “go bhfuil dearmhad air, go mb’fhéidir go mbeadh sé tamall thall sara mbuailfeadh cailín comh maith léi siúd leis.”

Go luath insan Inid do chuir Tomás Maol de amach agus do shaothruigh lanntan ná raibh ar fónamh. Féar cúpla bó i ndroch-áit gan fuithin, gan fascadh ná cuirfeadh puinn teaspaigh ar aenne. Beagán airgid a thug sé uaidh mar is beagán a deineadh a lorg air.

An uair a bhí gach ní réidh age Tomás do thug aghaidh ar an dtigh agus do thug cuireadh chun an phósta do gach tigh do bhí insa bhaile. Níor dhein an bhean liath dearmhad ar thigh bhéal a’ dorais agus chuas ann maidir le gach duine. Bhíodh fleadh agus féasta ar gach pósadh an uair úd. Do bhí gach sórt a [ 95 ]bhain le biadh agus annlan ann agus sluagh mór chun a chaithte. Do bhí hocht mbarraile leanna duibhe ann agus ní raibh deor ar thóin aon chinn aca ar maidin. An uair a bhí deire le gach ní do thug gach nduine aghaidh ar an mbaile.

Ar theacht go bruach an chalaith i nDúnchaoin dúinn ní fhágfadh na faoilinn í. Do bhí tarrac ag dul anáirde ar an bhféar glas is gach cuas agus cumar agus b’éigean dúinn fanúint amuich an lá san, agus lár-na-mháireach agus lár-na-mhanathar agus lár-na-mhainiris, agus lá agus fiche thabhairt amuich má’s é do thoil é agus gan an lá san féin le moladh. Is dócha nár thug cuid aca aon deagh-ghuidhe do’n bpósadh—do bhíodar comh clipithe sin.

Do mhair sí tamall ann. Ceathrar clainne bhí aici nuair a cailleadh í.

Ar theacht abhaile dhúinn do bhí an t‑oileán lán de raic. Do bhí an Tráigh Bhán lán de bhíomaí, déil dhearg agus déil bhán, cláracha bána, smut de’n luing raice, cathaoir, stól, ubhla agus gach ní. Do bhí dhá cheann déag de bhíomaí ag an mbád go raibh m’athair innti. Do bhí níos mó agus níos lugha age n‑a thuille aca.

An bád go rabhas-sa ag teacht ó’n dtír innti do bhuail bíoma breagh linn treasna an Bhealaigh. Téadán do bhí insa tseol dob éigean dúinn do chur ’á tharrac mar ná raibh aon téad insa bhád. Tar éis dúinn é chur ar an dtráigh do thugamair ár n‑aghaidh chun na fairrge arís. Do bhuail dhá bhíoma go h‑obann linn i n‑aice le ’chéile. Do bhí cheithre fichid troigh i gceann aca agus timcheall d’á réir. Dubhairt na daoine gurbh’ é an bíoma ba bhreaghtha do tháinig ar an dtráigh le cuimhne aon duine bhí suas é.

Do bhíomar gan aon bhiadh fós ó itheamair cúpla scailiún práta i nDúnchaoin an mhaidean san nó gur tháinig dubh na h‑oidhche agus do bhí hocht gcinn de bhíomaí sábhálta againn san am san. B’iad san an saothar neamh-thairbheach. A deich-fichead a bhí de bharr an chinn mhóir againn. Fiche púnt a raghadh an bíoma san aimsir an Chogaidh Mhóir.

[ 96 ]Tháinig máighistir rinnce tamall ar cuaird chughainn agus do chuir sé scoil ar bun ar feadh mí. Cheithre scillinge an duine an táille. Sé áit gur shocruigh sé ann ná i seana-mhainistir an tSúip, páirt di go mbíodh scoil ar siubhal innti sa tseana-shaoghal. Bhí úrlár cláracha ann agus fuaim agus fothrom, leis, ann. Dob é sin an chuid ba mhó de’n obair do bhí ar siubhal, i dtosach aimsire, pé scéal é.

Níor mhór a chuir a n‑ainm síos an chéad lá ná do bhí i mbun díol leis. Níorbh’ fhada, áfach, go raibh breac-dhuine ag teacht ar an scoil. Duine fíor-mhaith dob’ eadh an t‑oide agus níor mhaith leis caochóg ar cóisire a dhéanamh d’aenne.

Do bhí mo cheithre scillinge thíos ’n‑a phóca aige agus má bhí níorbh’ fhada go raibh a luach agam, maidir le rinnce dho, mar sa tigh go mbíodh sé ar lóistín bhíodh sé i n‑athchumaire dom agus do bhíodh sé am mhúineadh gach uair a thagainn ’n‑a threo. Níor ró fhada go rabhas im rinnceóir iongantach, ach ar nós gach dlí eile agus indiu féin níorbh’ fhada gur ghluais an dream a chuir stop leis aenne eile a mhúineadh agus do briseadh ar an scoil rinnce san Oileán.

Tháinig duine uasal ar thurus ’on Oileán tamall tar éis an scoil rinnce a scaipeadh agus is mó sórt grinn a chuir sé ar bun. An Báiréadach dob’ ainm do. Do bhí gach sórt bídh agus dighe aige, fuar, te agus beirbhithe. Thug sé hocht mbuidéil biotáile leis agus gach sórt eile dighe maidir leis.

Níorbh’ fhios cé déarfadh an chéad amhrán do mar go raibh náire ortha nó go bhfeacadar gloine bhreagh biotáile ullamh aige le tabhairt do’n duine tosaigh adéarfadh do é. Ní raibh mórán tathaint ’á dhéanamh ar aenne fiú amháin an té ná dubhairt le seacht mbliana roime sin aon cheann ná iad ábalta air. An scéal céadna ag an rinnce é agus do bhíodh a ghloine ag an bportaire comh maith leo.

Bhíodh na mná críona agus na fearaibh aosta ag rinnce. Do bhínn féin leath ar meisce mar do bhíodh na mná críona [ 97 ]agus na mná óga am’ thabhairt amach mar do bhí rinnce maith go leór agam san am san. Do bhí rinnce age m’athair agus bhíodh sé ’á mhúineadh dhom roimis an máighistir rinnce. Bhíodh na mná críona, go mór mór, am’ bhreith ar an úrlár leo agus d’á dheascaibh sin do bhínn ar bog-mheisce gach oidhche ar feadh na seachtaine ag teacht abhaile dhom. Pé duine fuair aon tsuaineas ann ní mise é mar ba chomh-luath ag rinnce agus ag amhrán agus ag portaireacht me, mar do bhíos im’ fhear cliste insan am úd!

Do bhí fuaireann dhá bháid ó Uibh Ráthach ag iascach ghliomach an bhliain chéadna agus iad ’n‑a gcomhnaidhe i mBeiginis agus seanntán thall aca ann agus fear ó Shasana i n‑éineacht leo. Cé go mbíodh na fir bhochta cortha tar éis seilg an lae do bhainidís amach tigh na scoile gach oidhche agus do bhí an rinnceóir ortha dob’ fhearr a sheasaimh ar chlár riamh. Is mó gloine do fuair sé. Do bhí an portaire ar na fir céadna agus níorbh’ fhearr leat aon ghléas eile ceoil ná é.

Níor sheasaimh an deoch i rith na seachtaine féin mar shíl sé. Do chuir sé bád agus fir go dtí an áit ba ghiorra dho agus thug leis oiread eile. Do bhí cuimhne aige ar an seachtain an fhaid a mhair sé, ní foláir, agus age gach nduine eile bhí páirteach sa scléip.

Do chuir sé mórán déirce go dtí an Blascaod tar éis dul abhaile dho agus do chuir sé púnt tobac go dtí an file Duinnshléibhe. Níor leig an file siar air féin é mar dhein sé amhrán molta do ’n‑a dhiaidh sin.

Tar éis an duine uasal, an Báiréadach, d’fhágaint an Oileáin, an Inid do bhí chughainn tháinig scéala cleamhnais chun an Rí ó Dúnchaoin. Ní raibh teideal an Rí an uair sin aige ach mar sin féin ní rabhadar go h‑olc as. Is deárthach gur mó scéala eile tháinig chuige mar ba bhreágh an fear é féin san am úd.

Do bhí fleadh agus féasta ar an bpósadh, dar ndóigh, agus a raibh ann go maith chun é chaitheamh, idir bhiadh agus dhigh. Ar bheith ag dul abhaile dhóibh d’iompuigh an bád ortha ag an [ 98 ]gcalath sa Bhlascaod. Bhí beirt aca fúithe istigh. Nuair a deineadh iad d’fhuascailt ní raibh ionnta ach an dé. Mná leanbh do bhí ag crúdh a gcuid bainne cích’ agus ’á chur le spíonóig ortha; ach tar éis uair a chluig do bhíodar ag casadh ar fheabhas.

Do bhí cheithre pósadh eile i nDúnchaoin an oidhche bhí sé i dtigh an Rí sa Bhlascaod agus is beag nár mhairbh an paróiste a chéile. Níorbh iongnadh san agus an bheóir go léir ann agus an méid asmhachán do bhí eatartha le fada ’bhlianta roime sin ba anois an t‑am chun iad a chur i bhfeidhm. Tar éis achrainn na h‑oidhche b’éigean seisear aca a chur go dtí an t‑Óispidéal agus ní ró éascaidh a thánadar as. Fear a buaileadh le buidéal, fear eile le cloich. Fuair duine aca buille mar fuair Eoghan Ruadh le tlú na teine ó bheantighe aca. Cailleadh Eoghan ach mhair so.


Le linn mise bheith im’ fhear óg iseadh bhí an file Duinnshléibhe ag déanamh a chuid amhrán sa Bhlascaod. Áit bheag iseadh an t‑Oileán, dar ndóigh, agus bhíodh coidreamh dlúth gach aon lá sa mbliain againn go léir ar a chéile, ins na tighthe nó sa chnoc nó ar an bhfairrge.

Theastuigh uaim dul ag baint dorn móna, lá, mar do bhí an lá ana-bhreagh agus gan mórán de’n tseana-mhóin ar ár láimh insan am chéadna. Do phreabas liom an doras amach agus ramhan néata agam i bhfearas agus i bhfaobhar; agus, cé ná rabhas i bpearsain cosúil le h‑aenne d’Fhiannaibh Éireann féin, ní rabhas le cáineadh im’ cháilíocht féinig. Bhíos mear, tapaidh, deigh-eolais.

Do chuireas chun bóthair i gcoinnibh an chnuic gan luas anáile, gan crampa i gcois, gan freangadh i láimh, gan tinneas i gcroidhe nó gur shroicheas lanntán, dar liom, go raibh mianach maith ann agus oiread im’ thimcheall di agus a dhéanfadh mo ghnó. Do bhí faobhar chun gnótha orm agus chun saothair a dhéanamh.

Toisc ná raibh aon gadsáidi a bhéarfadh mo dhinnéar [ 99 ]chugham insa tigh agam ach an bheirt aosta do bhuaileas féin chugham cannta maith aráin ar maidin, arán cruaidh buidhe go maith de mhin ghairbh, ach go raibh sé geal lasmuich le plúr ar nós mar a bheadh aol fé thigh; buidéal pínt bainne ó chois na bó agus tuairim gearra-phráta maith d’ailp ime; agus cé ná fuil na neithe seo le moladh anois aca chun bidh, ba shásta do bhíos-sa leo an uair úd, mar do bhí muileann béil chun a meilte agam.

Ach dob’ fhada ó’n bhfuadar chun obair a chur chun cinn an lá san mé. Ní ró fhada bhíos i dtosach mo ghreise agus faobhar chun gnótha orm an t‑am gur bhuail an file Seán Ó Duinnshléibhe chúgham agus ramhan fé n‑a ascail aige chun cos mhóna do bhaint é féin agus cuid mhaith eile do ghluais mar é chun portaigh, mar do bhí an lá go h‑aoibhinn agus gan mórán de’n tseana-mhóin ann an uair sin aca gan a bheith dóighte.

Ní dóigh liom go raibh file riamh le moladh chun aon obair saotharach eile a chur chun cinn ach an fhilíocht amháin agus dob’ in ionbhadh age Seán é. Tá sórt deimhniú agam ar an méid sin mar gach uair d’á dtugaim féin fé ranna a chur le chéile, ó’s minic déanta agam é, níor mhaith ar bhuidhinn ná ar mhachaire me an fhaid a bheidís idir lámha agam.

“Seadh,” arsan file liom, ’á chaitheamh féin ar an túrtóig, “nach mór an obair duit a bheith ag baint mhóna a leithéid do lá comh te leis. Suidh tamall,” ar seisean, “tá an lá so fada agus beidh fionn-fhuar’ tráthnóna ann.”

Ní rabhas ró bhuidheach d’á chómhrádh ach gur bhuail náire me gan suidhe ’n‑a theannta. Rud eile, thuigeas, mara mbeadh an file buidheach díom, go ndéanfadh sé aor orm ná beadh ar fónamh agus me i mbéal mo thugtha amach san am san. Do shuidheas ’na theannta.

“Seadh,” arsan file, “an chéad amhrán a dheineas riamh b’fhéidir ná fuil sé agat. ’Sí ‘An Chaora Odhar’ an chéad cheann a cheapas riamh agus fáth maith agam le n‑a dhéanamh, maidir le h‑olc.”

Cad deire leis ná gur thosnuigh le gach focal do rádh dhi [ 100 ]agus é sínte siar ar shlait a dhroma. Túrtóg de mhín-fhraoch thíos fé agus teas agus brothall ó lonnradh na gréine ag teacht anuas ó’n spéir fhíor-ghorm ghlan do bhí ós ár gcionn an uair sin ag tabhairt teasaidheachta do’n taobh a bhí os a chionn de’n bhfile.

Do mholas an t‑amhrán go crannaibh na gréine cé go raibh sé am’ ghriogadh go nimhneach ar shlí eile, am’ choimeád ó’n ngnó tábhachtach a chuireas romham ar maidin a bheith déanta agam. Do bhí cosc curtha age sámsaireacht an fhile leis.

“Beidh an t‑amhrán ar lár,” ar seisean, “mara bprioctar suas é. An bhfuil aon rud id’ phóca agat go scríobhfá síos é?”

An té ná bíonn an t‑ádh ’n‑a bhóthar ar maidin, agus Dia leis, níl sé i gcumas an pheacaigh bhoicht féin mórán do dhéanamh. Dhá ualach sean-asail de mhóin níor thuit le Tomás bocht an lán san go raibh an saothar mór beartaithe aige le déanamh; agus do bhí an lá úd ar na chéad laetheannta riamh gur bhraitheas an saoghal ag teacht im’ choinnibh, mar ’seadh bhí lá liom agus cúig lá im’ choinnibh as san amach.

Níorbh’ ar mhaithe leis an bhfile fuaireas mo pheannluaidhe agus páipéar éigin a bhí im’ phóca ach ar eagla go dtabharfadh sé aghaidh a ghairbh-bhéil orm féinig agus do chromas ar bhreacadh síos mar leigeadh seisean as a bhéal. Ní insa teangain seo do bhíos ag scríobh’ mar ná rabhas oilte uirthi insan am san.

Ní raibh puinn suilt ag baint liom le n‑a linn sin. Níorbh iongantas san—fear go raibh gnó fuaimeantúil ar siubhal ar maidin aige agus anois é curtha i leath-taoibh age gnó gan áird. Ar oscailt a bhéil do’n fhile do bhí sleabhac ar a bhéal ag leigeant na gotha amach. Do breacas síos mar fhéadar ar slí a thug sruth-mheabhair dom ar an amhrán agus rud eile má raghadh focal ar iarraidh féin uaim ní raibh an ceann ródaidhe ró fhada uaim agus eisean go h‑éascaidh chun smut d’á shaoghal a chaitheamh ’á chur i dtuiscint dom, dá mbeadh an tseisreach sa bhfód aige féin.

[ 101 ]San am go raibh an bheirt againn réidh le chéile do bhí an ghrian ag maolú thar cnoc agus ba dhícheall do Thomás aon splannc céille do bheith aige insan am san. Tar éis an fhile do scarúint uaim sé an chéad rud a dheineas dul go dtí an túrtóig go raibh mo dhinnéar le h‑ais léi ach dob é an dinneár gan áird é. An cannta d’arán buidhe do bhí ann ní dhéanfadh capall é mheilt, agus mo chuid bainne ’n‑a chloich sa bhuidéal!