Page:An t-oileanach.djvu/111

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
101
An t‑Oileánach

San am go raibh an bheirt againn réidh le chéile do bhí an ghrian ag maolú thar cnoc agus ba dhícheall do Thomás aon splannc céille do bheith aige insan am san. Tar éis an fhile do scarúint uaim sé an chéad rud a dheineas dul go dtí an túrtóig go raibh mo dhinnéar le h‑ais léi ach dob é an dinneár gan áird é. An cannta d’arán buidhe do bhí ann ní dhéanfadh capall é mheilt, agus mo chuid bainne ’n‑a chloich sa bhuidéal!