An Crann Géagach/Cuireadh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Cuireadh
[ 7 ]

CUIREADH

Siubhail uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beannaibh árda maordha, faoi choillte duaibhseacha giúmhaise, thar sruthánaibh ceolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte éanlaith; siubhail uait liomsa mar tá an t‑earrach ar fágháil, tá an fhuil nuadh ag éirghe ’mo chuisleachaibh agus ’do huisleachaibh-sa, tá na huain ag rinnce agus ag méidhligh ar na bántaibh, an súgh ag éirghe i ngach luibh dá bhfásann, boige agus beatha i ngach gaoith dá séideann, goradh geanamhail ó’n ngréin, na spéartha lághach cineálta i ndiaidh droch-shíonta agus doichill an gheimhridh. Cuir umat agus gluais liomsa...

Tréig an chathair agus nósa na cathrach; sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe agus an doilgheas croidhe; caith dhíot sean-ghíobail ghruamdha do shaoghail agus do gheimhridh fhada anróitigh, agus tar liomsa go bhfeicidh tú an t‑earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar éanlaith na coille, ar mhionn-bheithidhighibh na ngort, ar fheithidibh bídeacha na dtom, ar an mbreac n‑a pholl srotha, ar an gcoinín beag faiteach, ar an ngiorrfhiadh mear, ar an mbroc dásach, ar an mbroc dásach, ar an sionnach, ar an ngráinneóig dhealgnaigh, ar an iorraidh ruadh sa gcrann, ar an dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa go dtógfar do chroidhe brúighte, go [ 8 ]mborruighthear do mheanmna, go leighseóchar do ghalar dubhach, go bhfáiltighmid beirt roimh an earrach agus roim aithbheóchaint an tsaoghail....

* * *

Sé an chaoi a rachamuid an chuid is mó de’n bhealach de shiubhal cos; acht beidh an t‑asal beag dubh linn, agus an charr glas uaithne gleóite cheannuigh mé dhó n‑a dhiaidh, agus ár n‑earraidhe uile go léir istigh ann ionnós nach mbeidh ualach ar bith orainn má chaitheann tusa dhíot an brón agus an doilgheas croidhe....

Agus ní ualach mór bhéas ar an asal bocht acht oiread: ní bheidh air acht rudaí bhéas ag teasdáil uainn i gcomhair ár dturais—puball rinneas féin de sheantseól báid, le drúcht agus fliche na hoidhche choinneál amach uainn, bosga agus ádhbhar bidh ann agus gléas le n‑a ullmhú, dá phíosa de’n tseantseól dá ndeárnas mo phuball a dheanfas dhá leabaidh tirim dúinn; seadh, sin a bhéas againn ar an gcárr, acht an cúpla súsa thiubhras tú féin leat.

Nach againn bhéas an saoghal! An bóthar breágh fada bán sínte amach rómhainn ghár mealladh agus ghár ngríosadh chun siubhail, cumhracht an earraigh ag éirghe aníos as an ithir, teas bog ó’n ngréin, leoithne andeas lochtaighthe le bolthaidh aoibhne na créafóige agus na n‑úrghas, agus mise agus tusa ag gluaiseacht linn ar ár gcomhairle agus ar ár dtoil agus ar ár suaimhneas.

Tiocfaidh blátha de’n uile chineál amach ag baint bárr áilne dá chéile. Gabhfaidh tusa ag [ 9 ]strapadóireacht sna creagáin cloch ar thóir na gcineál nach bhfaca tú go minic cheana, acht fanfaidh mise liom féin leath-taobh an bhóthair ’mo luidhe sa bhféar, ag féachaint i n‑áirde ar na néaltaibh móra ómracha ghá sguabadh treasna na spéire ag an ngaoith, nó ag cur aithne níos feárr ar shaothar na seangán, nó ag déanamh iongantais de’n tsíol lispín sa lochán le m’ais. Ná déan aimhreas ar bith dhe, ní bheidh uaigneas ormsa fhad is bhéas tú imthighthe; acht nuair thiocfas tú ar ais, beidh fáilte rómhat, agus múinfidh tú dom ainmneacha agus tréithre na bplanndaí bhaileóchas tú, ó’s agat atá an t‑eólas sin.

Agus gluaisfidh an bheirt againn linn arís go deas réidh go dtiocfaidh meadhon agus lár an lae. Annsin toghfaidh mise áit fheileamhnach ar an bhfosga, ar aghaidh na gréine, agus cuirfimid cúpla uair de’n chlog thart ar ár suaimhneas. Bainfidh mé an t‑asal de’n chárr, bhéaraidh mé glac coirce dhó, tarraingeóchaidh mé amach ár gcuid féin as an mbosca—arán agus im, cáise agus uibheacha cruadha is mó bheas againn i lár an lae—agus roinnfidh mé an lón ar an mbeirt againn.

Siubhail uait liomsa, agus bogfamuid bóthar go dtiocfaidh an oidhche orainn; gabhfaidh sinn thrí bhailte beaga seasgra a mbeidh solus i ngach tigh, agus teine bhreágh le feiceál ar an teallach thríd an doras fosgailte, agus bean a’ tighe go gnóthach ag ullmhú proinne nó ag tabhairt aire do’n naoidhneán, nó ag cur an tsaoghail thrí chéile le bean comharsan; agus má fhéachann [ 10 ]tú isteach i dteach díobh, agus tú ag gabháil thart liomsa, b’fhéidir go dtiocfaidh cineál uaignis ort agus orm féin. Acht ní fiú trácht ar a leithéid de thocht. Ní mhaireann sé aon achar. Imthigheann sé mar lóchrann roimh an ngaoith.

Agus beidhmid ag imtheacht linn ar ár socamhlacht go sroichimid coill bheag ghiumhaise atá ar eólas agamsa. Is annsin chuirfeas sinn ár gcéad oidhche tharainn.

Crochfaidh mé an puball ar a chuid cliath. Cruinneóchaidh an bheirt againn brosna. Fadfaidh mise teine i mbéal an phubaill ós mise is feárr chuige: acht caithfidh tusa an chéird sin, agus an uile chéird eile bhaineas leis an saoghal bhéas againn faoi’n spéir a fhoghluim—beidh mé crosta go leór leat mara mbeidh tú i n‑ann teine fhadú i ndíg fhliuch le craobhachaibh glasa lá baistighe, mara mbéidh tú i n‑ann béile taithneamhach dhéanamh de shean-chnámh agus cúpla creathán, an puball a chrochadh ar na cliathaibh, breith ar an asal beag dubh ar maidin, laincís a chur air i gcomhair na hoidhche, na leapeacha a chóiriú, uisge folláin aithneachtáil thar droch-uisge, agus suantraigh a ghabháil dom má bhíonn a leithéid i n‑easbaidh orm aon oidhche!

Múinfidh mé an méid sin d’ealadhain an tseachránaidhe dhuit. Acht i dtosach, ar chaoi ar bith, fadfaidh mé an teine, gheobhfaidh mé an fíor-uisge, gléasfaidh mé an biadh, deasóchaidh mé na leapeacha—fan go bhfeicidh tú dhá leabaidh gleóite compóirdeacha luasgacha dhéanfas mé as an tsean-tseól! Ní bheidh fonn ort taobh [ 11 ]fhághail ar aon leabaidh eile le do bheó arís. Acht tá faitchíos orm go mbeidh tú roinnt sgannruighthe an chéad oidhche bheas tú liomsa sa gcoill.

Cloisfidh tú fuaimeanna nár chuala tú ariamh cheana: coill ghiumhaise atá sa gcoill seo, agus bíonn ceol ag an ngiumhais nach mbíonn ag aon chrann eile dá bhfásann—ceól caol cruaidh is minice bhíos ag an gcrann sin agus é ag síor-chaoinead na marbh. Má bhíonn gaoith mhór ann, cloisfidh tú tormán uathbhásach i mbárr na gcaol-ngéag spíonta—taisí agus ain-sprid na hoidhche agus na gcoillte ag tógáil clampair agus achrainn, d’eile? Acht má bhíonn an oidhche ciúin, cloisfidh tú a mhalairt de cheól ós do chionn, ceól bog suanmhar chuirfeadh dúnmharbhthóir chun codalta....

Cuirfidh tú aithne freisin ar thafaint nimhneach uaigneach an tsionnaigh, agus é ar thóir bidh faoi mheadhon oidhche; ar ghíog eaglach an choinín; ar sgréach an ghirrfhiaidh; ar fhead truaigh-mhéiléach na luchóige coille, agus í i ngreim; acht ’siad éanlaith na coille is mó chuireas ort go mór-mhór roimh an lá. Éan beag nach n‑aithnighim féin, ’sé sin thosuigheas an obair, acht go bhfuil ceól aige atá an-chosamhail le ceól na spideóige—acht fainic, má bhíonn tú ’do dhúiseacht ag éisteacht le aon fhuaim d’fhuaimeanna oidhche na coille, cuma cé’n lúthgháir bhéas ort nó méala, ná dúisigh mise ar a bhfaca tú ariamh: má dhúisigheann, creid mise ann, go cloisfear gleó sa gcoill nach gcloistear ann acht go hannamh....

Tiocfaidh an chéad léas de sholus an lae. De réir a chéile tiocfaidh brígh agus borradh [ 12 ]agus fuinneamh i gceól na n‑éan. Eireóchaidh sinn, agus ceól n‑ár gcroidhe agus ar ár mbéal féin. Buailfimid isteach sa gcoill, agus má bhíonn aon rath linn beidh coinín maith againn i gcomhair ár mbricfasta.

Ní bheidh an ghrian i bhfad n‑a suidhe go mbeidhmid ar an mbóthar arís, agus gluaisfimid linn gan duadh gan doicheall, mise agus tusa agus an t‑asal beag dubh; agus nuair thiocfas teas san ngréin, amach faoi mheadhon an lae, toghfaidh sinn an áit is feileamhnaighe le n‑ar sgíth a leigint agus le béile a chaitheamh.

Agus cuirfimid laethe breághtha gréine, an earraigh thart ar an dóigh sin go socair suaimhneach sásta....

* * *

Éirigh, a chara na gcarad, tréig an chathair agus an imnidhe, agus siubhail uait liomsa amach faoi’n bhfásach. Tá a lán agam le bronnadh ort: suaimhneas agus socamhlacht, sonas agus sástacht, eólas agus aithne ar mhór-mhíoltaibh agus ar mhionn-mhíoltaibh Dé, aoidheacht agus aoibhneas—agus an ghaoth andeas chuirfeas ag gáire tú gidh trom do chroidhe anocht....

Má thig báisteach agus droch-shíon orainn nó sioc agus sneachta as a dtráth, bhéaraidh mé fosgadh agus folach dhuit nach n‑aithneóchaidhe tú má’s fliuch tirm an lá, má’s fuar meirbh an oidhche go sgaoilidh tú anuas díot an brón agus an doilgheas croidhe atá ort anois. Má airigheann tú thú féin ag eirghe túirseach, nó uaigneas na hoidhche ag cur ort go ró-mhór, [ 13 ]tig linn annsin ar ndóigh, aghaidh thabhairt ar shráid-bháile éigin, dul isteach i dteach ósta, suidhe teineadh ann, fíon Spáinneach d’ól ann, aithne chur ar dhaoine ann, comhluadar dhéanamh ann, an oidhche chur thart ann—nó imtheacht linn ar ár mbealach agus ar ár slighe féin arís.

* * *

Éirigh, a chara na gcarad, agus siubhail uait liomsa go leighsighidh mé do ghalar dubhach. Cuir umat agus gluais liomsa amach faoi na beannaibh árda maordha, faoi choillte duaibhseacha giumhaise, thar sruthánaibh ceólmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte éanlaith.

Siubhail uait liomsa agus ná déan aon mhóill....