Page:An Crann Geagach.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

CUIREADH

Siubhail uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beannaibh árda maordha, faoi choillte duaibhseacha giúmhaise, thar sruthánaibh ceolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcomhnuidheann na mílte éanlaith; siubhail uait liomsa mar tá an t‑earrach ar fágháil, tá an fhuil nuadh ag éirghe ’mo chuisleachaibh agus ’do huisleachaibh-sa, tá na huain ag rinnce agus ag méidhligh ar na bántaibh, an súgh ag éirghe i ngach luibh dá bhfásann, boige agus beatha i ngach gaoith dá séideann, goradh geanamhail ó’n ngréin, na spéartha lághach cineálta i ndiaidh droch-shíonta agus doichill an gheimhridh. Cuir umat agus gluais liomsa...

Tréig an chathair agus nósa na cathrach; sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe agus an doilgheas croidhe; caith dhíot sean-ghíobail ghruamdha do shaoghail agus do gheimhridh fhada anróitigh, agus tar liomsa go bhfeicidh tú an t‑earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar éanlaith na coille, ar mhionn-bheithidhighibh na ngort, ar fheithidibh bídeacha na dtom, ar an mbreac n‑a pholl srotha, ar an gcoinín beag faiteach, ar an ngiorrfhiadh mear, ar an mbroc dásach, ar an mbroc dásach, ar an sionnach, ar an ngráinneóig dhealgnaigh, ar an iorraidh ruadh sa gcrann, ar an dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa go dtógfar do chroidhe brúighte, go

7