Alasdair Mac Colla/Brollach

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Alasdair Mac Colla by Seosamh Laoide
Brollach
[ v ]

Brollaċ.


Ní rigmíd a leas mórán de leiṫsgéaltaiḃ do ṫaḃairt uainn fán leaḃar so do ċur le ċéile. Ṫárla a ġein ann na bliaḋanta ó ṡoin nuair a ḃí caint agus cogar idir luċt leaḃar na Gaeḋilge fá ḋéantúsaíḃ “an Ultaiġ Ḃeadaiḋe” i ḃFáinne an Lae. Do caintiġeaḋ agus do cograḋ eatorra súd gur ṁaiṫ an t-aḋḃar leaḃair na déantúsaí seo do luaiḋeamar, aċt beagán do ċur leó as “Leaḃar Ċloinne Raġnaill,” ó ṫárla ḋóiḃ féin a ḃeiṫ ró-ġiorrtaċ le n-a aġaiḋ sin. Ní dearnaḋ dadaṁ, áṁṫaċ. Ḋá ḟáiṫċéill a ḃí leis sin, is dóċa: A haon díoḃ .i. loċt gnáṫaċ na gcoisdí ar luċt leaḃar na haimsire sin mar a ḃíos indiu féin ar a slioċt .i. cur ar cáirde agus cur ar gcúl ó ċruinniuġaḋ go cruinniuġaḋ nó go gcailltear aṁarc agus smaoineaḋ ar an gcuspóir do ḃí rómpa agus le n-a linn sin sáirḟios aca ar ḃríġ an tseanḟocail “cur ar cáirde, cur naċ feáirrde"; agus a dó .i. failliġe agus fuaire an uġdair féin i n-a ḋéantúsaíḃ ar ċuma nár ċuir sé riaṁ isteaċ iad le haġaiḋ a gclóḃuailte — tá an loċt mór sain air fós go dtí an lá atá indiu ann agus a ráḋ go ḃfuilid froṁṫa a ḋá ḋéantús i n-a ṡeilḃ gus an am so i láṫair agus nár smaoin sé riaṁ ar a gcur ṫar a n-ais ċugainn ceartuiġṫe piocṫa sgiomarṫa ó n-a láiṁ oilte féin!

Aċt ní beag liom de sin. Ceist anois. Cé hé “An tUltaċ Beadaiḋe”? Tá, Eoin Ṁac Néill, fear go ḃfuil a ainm i mbéal a láin. Do ḋeaċtuiġ sé sin “Caiṫréim Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill” i gcoṁair Fáinne an Lae fá mar do ṫáinig amaċ ar na dátaíḃ seo .i. Aibreán 16 agus Bealtaine 14, 1898.

[ vi ]Ní túisge do ċonnaic an tAṫair Eoġan Ó Graṁna iad so fá ċló ná do sgríoḃ sé litir ċugainne ón Oileán Úr, agus do ṁol sé na haistí ṫar cionn. ’Sé duḃairt sé san litir sin nár léiġ sé riaṁ aistí dob’ ḟearr ná iad, “agus,” ar seisean, “’sé ṁeasaim féin gurab í an Ġaeḋilg is fearr do sgríoḃaḋ ó aimsir an Ċéitinniġ anuas!”

Is leór liom do ṁolaḋ é sin, agus ní ṁeasaim féin gur call dam cur leis, aċt aṁáin a ráḋ gur ḃ’é ráḋ an Aṫar Eoġain fá ḋeoiḋ an méid seo léiġtear i ndeireaḋ a litre atá fá ċló i bFáinne an lae darab dáta Meiṫeaṁ 18, 1898:

"Nárab fada go gcluinimid arís ón Ultaċ Beadaiḋe."

Maidir le “Caiṫréim Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill,” is beag d’aṫruġaḋ do ċuireas-sa ann agá aiṫsgríoḃaḋ annso ḋam. Is féidir a ráḋ go ḃfuil gaċ focal coitċeann gan aṫruġaḋ ar biṫ uaim. Ní mar sin, áṁ, do ċuid de na hainmneaċaiḃ áite atá ann, mar gur ḃ’éigean dam an méid seo ḋíoḃ do ċur ar aon nós le Niall Mac Ṁuireaḋaiġ agus le huġdaraiḃ eile fuaras leo:—

Ag E. Mac N. Ag uġdaraiḃ.


Baile-an-tSaoi Baile na Tuaiġe
Baile-Muine Baile Mónaiḋ
Tioppa-Múir (?) Tiobar Mór
Abardaoin Obair Ḋeaḋain
Dún Daoi (?) Dún Dé
an Éirinn (?) Inḃir nArann
Alford Alṗort
Cill Síṫe Cill Saiḋḃe
Stirling Struiḃle
Philiphaugh Filipfáċ
[ vii ]Ceist, cad ċuige ḋam a n-aṫruġaḋ? Tá gur ḃ’éigean dam é ḋéanaṁ d’éis mo ċuardaiġ ’sna huġdaraiḃ. An ċéad ’s an dara hainm, ’sí canaṁaint Raċlann atá mar uġdarṫás agam leó; Gazetteer na hAlban agus léarsgáile an lae indiu fá ndear Tiobar Mór; Gaeḋilg na hAlban ba ḃun leis na trí hainmneaċaiḃ atá ’na ḋiaiḋ sin agus le Struiḃle mar an gcéadna; fuaras Alṗort agus Filipfáċ ag Niall Mac Ṁuireaḋaiġ féin agus Cill Saiḋḃe ’sé rud atá ann aċt beaċtaiḋeaċt do ḃaint as an gcuma d’ḟág Niall air ó n-a láiṁ!

Naċ léir as soin cad is féidir do ḋéanaṁ le hainmneaċaiḃ áite, má cuardaiġṫear dóiġ agus an-dóiġ mar is indéanta do gaċ éinne? Níor éiriġ liom Gaeḋilg d’ḟaġáil ar Selkirk, dá ṁéad dár ċuardaiġeas, aċt dá mbeaḋ Gaeḋilg air, is dóċa gur “Cill Ḃoṫ” a ḃeaḋ ann, aċt nuair naċ fuaras uġdarṫás ná baránta leis sin, do leigeas dó. Ní’l Gaeḋilg i nAlbain féin indiu air, mar ṫuigim, agus é ar nós Williamstown i gCondae na Gailliṁe agus áiteanna eile i nÉirinn fóiríor!

Anois i dtaoḃ ar baineaḋ as Leaḃar Ċloinne Raġnaill, do leanas do ċaint an leaḃair sin coṁ dlúiṫ agus d’ḟéadas, agus má sgaras léi i gcorr-áit, dob’ éigean dam é ar ṁéad an Albanaċais do ṫárla os mo ċoṁair, rud do ċuirfeaḋ as go mór don léiġṫeoir Éireannaċ. An tAlbanaċas is mó ḃí ann .i. na déiḋeanaiġ -e, -a ar lár ar uairiḃ: Cibé áit a raiḃ sin ann do rinneas iad d’aiseag, agus go deiṁin féin, dá mbeaḋ an ċeist fá Niall féin do ṁolfaḋ sé ḋam é ḋéanaṁ, agus gurab é an cuspóir do ċuir sé sin roiṁe Gaeḋilg ḋoiṁin Éireannaċ léiġinn agus litriḋeaċta do sgríoḃaḋ, is má ṫeip sin air corr-am, b’é fá ndear é treise na canaṁna ḃí air agus é i gcéin ó sgoiltiḃ na hÉireann i gcás gur sgiorr agus gur ṡleaṁnuiġ canaṁnaċas air i [ viii ]n-a sgríḃinn uaireanta a gan-ḟios dó féin. Aċt tar éis an tsaoġail, má cuirtear an leaḃar so i gcoiṁmeas le Reliquiæ Celticæ is beag de ḋeiṫḃir ġeoḃṫar eatorra i n-aon áit, agus a ḟeaḃas an t-eolus do ḃí ag Niall ar Ġaeḋilg uġdarṫásaiġ Éireann agus Alban fré ċéile, do réir mar do ḃí an sgéal san aimsir sin agus go dtí an t-oċtṁaḋ ceannair (.i. sinseara, céad) déag. ’Siad so na leaṫanaiġ de Reliquiæ Celticæ II., i n-a ḃfuil Leaḃar Ċloinne Raġnaill, .i. 138-309.

SEOSAṀ LAOIDE.