Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

vi.

Ní túisge do ċonnaic an tAṫair Eoġan Ó Graṁna iad so fá ċló ná do sgríoḃ sé litir ċugainne ón Oileán Úr, agus do ṁol sé na haistí ṫar cionn. ’Sé duḃairt sé san litir sin nár léiġ sé riaṁ aistí dob’ ḟearr ná iad, “agus,” ar seisean, “’sé ṁeasaim féin gurab í an Ġaeḋilg is fearr do sgríoḃaḋ ó aimsir an Ċéitinniġ anuas!”

Is leór liom do ṁolaḋ é sin, agus ní ṁeasaim féin gur call dam cur leis, aċt aṁáin a ráḋ gur ḃ’é ráḋ an Aṫar Eoġain fá ḋeoiḋ an méid seo léiġtear i ndeireaḋ a litre atá fá ċló i bFáinne an lae darab dáta Meiṫeaṁ 18, 1898:

"Nárab fada go gcluinimid arís ón Ultaċ Beadaiḋe."

Maidir le “Caiṫréim Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill,” is beag d’aṫruġaḋ do ċuireas-sa ann agá aiṫsgríoḃaḋ annso ḋam. Is féidir a ráḋ go ḃfuil gaċ focal coitċeann gan aṫruġaḋ ar biṫ uaim. Ní mar sin, áṁ, do ċuid de na hainmneaċaiḃ áite atá ann, mar gur ḃ’éigean dam an méid seo ḋíoḃ do ċur ar aon nós le Niall Mac Ṁuireaḋaiġ agus le huġdaraiḃ eile fuaras leo:—

Ag E. Mac N. Ag uġdaraiḃ.


Baile-an-tSaoi Baile na Tuaiġe
Baile-Muine Baile Mónaiḋ
Tioppa-Múir (?) Tiobar Mór
Abardaoin Obair Ḋeaḋain
Dún Daoi (?) Dún Dé
an Éirinn (?) Inḃir nArann
Alford Alṗort
Cill Síṫe Cill Saiḋḃe
Stirling Struiḃle
Philiphaugh Filipfáċ